Fúinn

Is ardán ar líne é Meon Eile a thugann léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh, agus níos faide i gcéin, le físeáin agus scéalta rialta ar réimse leathan ábhar ó chúrsaí reatha agus spórt go ceol, imeachtaí cultúrtha agus na healaíona Gaeilge.

Tá an comhrá a bhíonn ar siúl ag cainteoirí Gaeilge ar líne ag fás i rith an ama agus tá sé i gceist ag Meon Eile cur leis an chomhrá sin.

Tá foireann dhíograiseach d’fhísiriseoirí, eagarthóirí agus scríbhneoirí ag obair ar Meon Eile ach tabharfaidh an suíomh deis do bhaill an phobail páirt a ghlacadh sa tseirbhís chomh maith.

Is pobal ildánach é pobal na Gaeilge a mbíonn go leor imeachtaí ar siúl ann agus go leor tuairimí le fáil ann agus cuirimid fáilte roimh aon duine atá ag iarraidh bheith páirteach linn ar aon bhealach.

Meon Eile á léiriú ag an chomhlacht léiriúcháin Below The Radar agus á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileáin Thuaisceart Éireann. 

Ár bhFoireann
Tomaí Ó Conghaile

Profléitheoir

Tá ról gníomhach ag Tomaí sna meáin Ghaeilge le breis agus deich mbliana anuas.  Iar-iriseoir agus Leas-Eagarthóir ar an nuachtán laethúil Lá Nua, chaith sé tréimhse mar léiritheoir agus láithreoir ar Blas, clár Gaeilge BBC Raidió Uladh, agus ba ghnáth leis a bheith ag láithriú fosta ar Imeall Geal, sraith cheoil agus chainte de chuid BBC 2.  Is Eagarthóir é ar an iris chultúir agus stílbheatha NÓS agus bhí sé ar an fhoireann a bhunaigh an suíomh nuachta Nuacht24 chomh maith.  Is rannpháirtí rialta é do RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith. 


Seán Ó Baoill

Físiriseoir Sinsearach 

Is de bhunadh Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill Seán Ó Baoill. Tá Seán ag obair mar fhísiriseoir le Meon Eile le ceithre bliana anuas. Rinne sé scéim de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste sular thósaigh sé ag obair le Meon Eile. Bíonn Seán ag obair go minic ar chláracha teilifíse do BBC TÉ agus TG4. Faoi láthair tá sé ag obair ar an tsraith nua teilifíse ’An Focal Scoir’ mar thuairisceoir.  Cuireann Seán an tsraith 'Tochailt Staire' i láthair ar BBC Raidió Uladh i rith an tsamhraidh. Is aisteoir é Seán fosta agus neart taithí aige bheith ag aisteoireacht ar an stáitse agus ar an scáileán. Bíonn sé le feiceáil go rialta ar an sobaldráma Ros na Rún, agus páirt 'Adam Mac Donncha' aige. Beidh Seán le feiceáil sa scannán ‘Murdair Mhám Trasna' níos deireanaí sa bhliain ar TG4.


[email protected]

Pádraig Mac Oitir

Físiriseoir 

D’fhás Pádraig aníos i mBéal Feirste agus fuair sé a chuid oideachais i mBunscoil Phobal Feirste agus ina dhiaidh sin i gColáiste Feirste.

Bhain sé Ard-Dioplóma Náisiúnta amach i Staideár na Meán agus sa Scannánaíocht ó Met Bhéal Feirste. Roimhe sin rinne sé staidéar ar an ghrianghrafadóireacht agus is mór an spéis atá aige sna healaíona gluaisteacha.

Fuair Pádraig áit ar Scéim na nIontrálaithe Nua de chuid an CCG agus ó sin tá seal 6 mhí caite aige le NVTV agus dianchúrsaí curtha i gcrích aige le BBC TÉ agus Raidió Fáilte.

[email protected]

Jane Nic Uilliam

Is as Béal Feirste í Jane agus thosaigh sí ag obair le Meon Eile i mí an Mhárta 2022 mar Fhísiriseoir faoi Oiliúint ar scéim de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

I ndiaidh di Scoil an Rátha Mhóir a fhágáil in 2018, bhain sí céim amach sa Chraoltóireacht ó Ollscoil na Banríona in 2021. Le linn an chúrsa sin rinne sí roinnt oibre ar chláir éagsúla ar nós Beidh Aonach Amárach agus Samhain Live. Ar a bharr sin tá cuid mhaith obair neamhspleách déanta aici faoi chúrsaí reatha, staire agus eile.

Eilís Nic Lochlainn

Is as Baile Ard Mhacha ó dhúchas d’Eilís Nic Lochlainn. Thosaigh sí ag obair mar fhísiriseoir faoi oiliúint le Meon Eile i mí Mheán an Fhómhair 2022.

Agus í ar scéim Scáileán Thuaisceart Éireann bhí sí ina hoiliúnaí le Waddell Media agus Macha Media. D'oibrigh sí mar thaighdeoir ar an tsraith ‘Croí na Ceiste le Caoimhe’ de chuid an BBC agus ar shraith úr den chlár ‘Turas Bóthair’ de chuid TG4. Bhí sí páirteach sa léiriúchán ar an chlár faisnéise ‘Díolta Faoina Luach’, clár a rinne Macha Media don BBC.

Chomh maith leis sin tá taithí raidió ag Eilís ar bharr na taithí teilifíse. Tar éis di Céim Bhaitsiléara san Oideachas a bhaint amach ó Choláiste Naomh Muire in 2020, rinne sí neart obair dheonach le Raidió Fáilte i mBéal Feirste, ag léiriú agus ag láithriú cláracha don stáisiún óna teach féin le linn thréimhse Covid.

Baineann Eilís an-sult as bheith ag bualadh le daoine nua agus ag fáil amach faoina saol, rud atá ina chuidiú mór agus í ag obair le Meon Eile.

Close
Close