Gradam Uí Shúilleabháin bainte ag leabhar faoi Aisteoirí Ghaoth Dobhair

D’fhoilsigh Noel Ó Gallchóir an leabhar ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981’ i mí an Mhárta na bliana seo agus bhain sé Gradam Uí Shúilleabháin ag Oireachtas na Samhna ar na mallaibh.

Bhuail Meon Eile le Noel in Amharclann Ghaoth Dobhair le labhairt faoin éacht seo. 

Ba léir gur éirigh go geal leis an leabhar i measc Ghaeil Thír Chonaill agus níos faide i gcéin. Mar a deir Noel, is leabhar é a thiocfadh leat a phiocadh suas agus amharc air ó am go chéile mar gheall ar na grianghraif iontacha agus ar an dearadh tarraingteach atá air.

Close
Close