Bhí Ceol na bPíob le chloisteáil ar na mallaibh in An Droichead, an t-ionad cultúrtha atá lonnaithe ar Bhóthar Ormeau, Béal Feirste.
Cuireadh an t-imeacht ar fáil mar chuid de Belfast Tradfest, i gcomhar le An Droichead agus Comharchumann Píobaireachta Bhéal Feirste.
Chruinnigh cuid de na píobairí is fearr dá bhfuil ann le chéile in ómós do R.L. O’Mealy, píobaire agus déantóir píob a fuair bás in 1947.
Is iad na ceoltóirí a bhí i láthair ná Louise Mulcahy, Brìghde Chaimbeul, Pádraig McGovern, Darragh Murphy agus Maeve O’Donnell, agus ba é an píobaire as Béal Feirste, Cormac ‘Buzz’ Ó Briain, a bhí ina fhearr an tí ar an oíche.
Bhí Meon Eile i láthair ag an ócáid, áit ar inis Buzz dúinn faoin ardchaighdeán ceoil a bhí ann ar an oíche agus faoi chuid den stair a bhaineann le R.L. O’Mealy.
Labhair muid fosta le Louise Mulcahy, píobaire aitheanta as Contae Luimnigh a bhfuil go leor taighde déanta aici ar mhná na bpíob. Mhínigh sí an caidreamh láidir a bhíonn idir na píobairí, go háirithe i mBéal Feirste.