Anam – Caifé na Carraige: Bliain ar an fhód

Cheiliúir Anam – Caifé na Carraige in Iarthar Bhéal Feirste bliain ar an fhód ar na mallaibh agus thug Meon Eile cuairt ar an chaifé leis an chloch mhíle seo a chomóradh.

Is fiontar sóisialta é Anam atá lonnaithe i gceantar na Carraige Báine in aice le Gael-Ionad Mhic Goill. Bhunaigh Glór na Móna an caifé anuraidh le ‘Comrádaíocht, Caife agus Comhrá’ a chur ar fáil don phobal áitiúil.

Labhair muid le Gearóidín Mhic Mhathúna, Bainisteoir Oibríochtaí le hAnam agus Glór na Móna, agus le Caoimhe Nic Cú Uladh, a oibríonn sa chaifé, faoi na forbairtí atá i ndiaidh teacht ar an áit ó osclaíodh é agus faoi na rudaí a thaitníonn leo agus iad ag obair ann.

Close
Close