Léiríodh ómós don fhéile Lúnasa ar na mallaibh san ionad Gaeilge, Áras Mhic Reachtain, i dTuaisceart Bhéal Feirste, agus is iad Cleamairí Feirste a bhí i mbun an cheiliúrtha.
Le fada an lá sa tír seo tá comóradh á dhéanamh ar thréimhsí áirithe den bhliain - ina measc Grianstad an tSamhraidh, Grianstad an Gheimhridh, agus an Fómhar. Tá Lúnasa ar cheann de na féilte ráithe Gaelacha is mó - agus is iad Imbolg (tús mhí Feabhra), Bealtaine (tús na míosa) agus Samhain (tús na míosa) na trí chinn eile.
Agus tús aimsir an fhómhair ag druidim linn, rinneadh ceiliúradh ar an am speisialta seo le ceol, aisteoireacht, damhsa Gaelach agus siamsaíocht, ar leac dhoras an Árais féin.