Agus muid ag dul i dtreo Mhórshiúl Náisiúnta na nGael ar an 20ú Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath, tabharfaidh Meon Eile léargas ar chuid de na mórcheisteanna atá faoi chaibidil ag na Gaeil i láthair na huaire, go háirithe na constaicí atá ann in earnáil na Gaeilge.
Sa dara heagrán seo den tsraith Cearta na nGael, thug Meon Eile cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, áit a raibh plé painéil de chuid Chonradh na Gaeilge agus An Dream Dearg ar siúl.
‘Is ionann cúngú ceart agus cealú cearta’ t-ainm a bhí ar an phlé agus bhí ceathrar aíonna speisialta ag caint ar an lá: Nuala Ní Scolláin, Seán Mac Brádaigh, An Dr. Fionnghuala Nic Roibeard agus Eoghan Ó Conghaile. Is í an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin a bhí sa chathaoir.
Dúirt Áine go raibh plé thar a bheith suimiúil ann ar chúrsaí timpeallachta, cearta na mban, daoine LADTA+, daoine óga agus dlúthpháirtíocht phobal na Gaeilge le muintir na Palaistíne.
Labhair muid leis an Dr. Fionnghuala Nic Roibeard agus le Seán Mac Brádaigh a dinis dúinn faoin nasc atá ag gluaiseachtaí amhail an feimineachas agus an comhshaol leis an Ghaeilge agus le pobal na teanga.