Múrphictiúr de mhuintir Mhic Sheáin seolta i mBéal Feirste

Seoladh múrphictiúr ar na mallaibh i gceantar Rodney in Iarthar Bhéal Feirste le ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar mhuintir Mhic Sheáin - is iad sin Seán, Séamas agus Caitlín - ceannródaithe Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus bunaitheoirí Bhunscoil Pobail Feirste.

Tá an ealaín le feiceáil díreach ar thaobh theach mhuintir Mhic Sheáin, an áit ar tógadh iad. Tugann an taispeántas seo, arb é Aodán Ó Manacháin a chruthaigh, léargas ar chumhacht, neart agus cruthaitheacht phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, in ainneoin streachailt shóisialta agus eacnamaíochta an cheantair thar na blianta.

Bhí an deis ag Meon Eile freastal ar an imeacht seolta agus labhair muid le Máirtín Ó Muilleoir, a thug eochairaitheasc ar an lá, le Milène Fegan atá anois ina cónaí sa tsráid, leis an ealaíontóir Aodán agus le hiníon Sheáin Mhic Sheáin, Caitríona. Bhí neart daoine ón phobal áitiúil mar aon le muintir agus cairde na clainne i láthair chomh maith.

Bunaíodh GaelStair i mí Mheán Fómhair anuraidh i ndiaidh maoiniú a fháil ón National Lottery Heritage Fund. Is i Spórtlann na hÉireann, ionad spóirt de chuid Choláiste Feirste, atá an tionscadal lonnaithe. Tá an oiread doiciméad agus déantán bailithe ag Gaeil Bhéal Feirste i gcaitheamh na mblianta, go háirithe ó na 60idí agus 70idí ar aghaidh, a bhaineann le hathbheochan na teanga sa chathair, agus tá an-obair déanta ag foireann GaelStair go dtí seo chun an chartlann seo uilig a chur in eagar, a fhorbairt agus a chur i láthair an phobail mhóir. 

Le coinneáil ar an eolas faoin ábhar seo, is féidir Spórtlann na hÉireann a leanúint ar Instagram.

Close
Close