Coinnímis ag ceol le chéile - Caoimhe Ní Chathail

Is é seo an ceathrú clár de shraith s'againn, 'Coinnímis ag ceol le chéile'. Bhuail Meon Eile le seisear ceoltóirí agus amhránaithe Gaelacha in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus labhair muid leo faoi shaol s’acu mar cheoltóir agus faoi na dóigheanna a ndeachaigh an dianghlasáil i bhfeidhm orthu. 

Le linn na géarchéime seo, ní bhíonn móran de dheis ag daoine seinm le chéile ná éisteacht le ceol beo mar sin shocraigh Áras Mhic Reachtain agus Meon Eile go dtabharfadh muid blaiseadh don lucht féachana go dtí go mbeidh muid in ann sin a dhéanamh arís. 

Inniu is í Caoimhe Ní Chathail atá linn. Is as Iarthar Bhéal Feirste í Caoimhe agus bíonn sí ag canadh leis an bhanna ceoil, Ériú. Labhair sí linn faoin albam nua a sheol siad agus faoi na dóigheanna a ndeachaigh an phaindéim i bhfeidhm air sin. Thug sí cur síos fosta ar a saol mar amhránaí sna laethanta seo agus ar an obair a dhéanann sí mar chraoltóir ar Blas Ceoil. 

San fhíseán thíos, tugann Daithí Mac Uait, bainisteoir imeachtaí Áras Mhic Reachtain, intreoir don tsraith. Is eisean a thug cuireadh do na ceoltóirí seinm agus, le cuidiú ón Chomhairle Ealaíon, bhí deis acu airgead a thuilleadh le linn an paindéime fosta.

Close
Close