D’eagraigh Comhairle Ceantair Lár Uladh Cúirt na mBard ar na mallaibh ag Cnoc Uí Néill, ionad cultúrtha agus staire atá lonnaithe i nDún Geanainn, Contae Thír Eoghain. Le linn na hócáide, fuair cuairteoirí blaiseadh de na hiontais, fuaimeanna, blasanna agus atmaisféar a bhíodh i gcúirteanna na meánaoiseanna.
Is í Deirde Varsani, Cathaoirleach Comhairle Ceantair Lá Uladh, a d’óstáil an oíche agus labhair sí le Meon Eile faoin imeacht agus faoin nasc atá aici féin le stair an cheantair.
Bhí Dearbhla Ní Scealláin, amhránaí traidisiúnta as Tír Eoghain, mar Bhean an Tí ar an ócáid agus d’inis sí dúinn faoi chuid den cheol agus den fhilíocht a bheadh le chloisteáil ann. Mhol sí Comhairle Ceantair Lár Uladh as an oíche a reáchtáil agus as stair an cheantair a cheiliúradh ar dhóigh éagsúil.
