Oíche leictreach ag ceolchoirm Clare Sands

Chuir Clare Sands a raibh i láthair san Empire Music Hall, Béal Feirste, faoi gheasa oíche Dé Domhnaigh agus í ag seoladh a halbaim nua, ‘They Tried to Bury Us’, mar chuid den Belfast International Arts Festival.

Sheinn sí féin agus an cúigear eile a bhí sa bhanna – Cian McGrory, Stiofán Ó Luachráin, Laura McFadden, Conor Mallon agus Davie Ryan – seit fiachmhar draíochtúil ón chéirnín úr, chomh maith le cúpla amhrán níos sine óna dioscliosta. 

D’inis Clare do Meon Eile go raibh sí “ag iarraidh glór a thabhairt dóibh siúd gan ghlór” leis an albam seo. Tá amhrán air faoi mhuintir na Palaistíne (‘Under Oak and Olive’), amhrán faoin chrotach (‘Curlew Song’ le Ríoghnach Connolly) agus amhrán a phléann le Loch nEathach agus an truailliú atá á dhéanamh air (‘Lí Bán’ le Barry Kerr agus Piaras Ó Lorcáin, a tháinig ar an ardán leis an amhrán seo a chanadh i gcuideachta Clare ar an oíche).

Tá ‘They Tried to Bury Us’ ar díol anois agus ar fáil ar na hardáin sruthaithe.

Close
Close