An tSnátháid Mhór ar camchuairt do Bhliain Náisiúnta na Léitheoireachta 2026

Rinne an comhlacht foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór agus bunscoileanna ó Bhéal Feirste ceiliúradh ar Bhliain Náisiúnta na Léitheoireachta 2026 ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, iarthar Bhéal Feirste. Bhí Iontaobhas Náisiúnta Liteartha páirteach in eagrú an lae chomh maith.

Is mar chuid de chamchuairt speisialta a eagraíodh an t-imeacht seo, áit ar léigh na páistí ‘Rita agus an Cailleach’ agus iad ag fáil réidh d’Oíche Shamhna. Thug an tSnáthaid Mhór cuairt ar Chathair Dhoire agus ar Bhéal Feirste, agus tá siad anois ag tabhairt cuairt ar an Bhreatain Bheag mar chuid den turas. Beidh na páistí scoile sa Bhreatain Bheag ag léamh ‘Rita agus an Dragún’ agus ag foghlaim na Gaeilge chomh maith.

Labhair Meon Eile le Caitríona Nic Sheáin, comhbhunaitheoir An tSnáthaid Mhóir, comhlacht foilsitheoireachta a bunaíodh beagnach 20 bliain ó shin. D’inis Caitríona dúinn faoi cé chomh tógtha is atá siad a bheith ag obair leis an Iontaobhas Náisiúnta Liteartha chun léitheoireacht a spreagadh san aos óg.

Rinne Máire Zepf imeachtaí spraíúla leis na páistí sa Chultúrlann taobh leis an mhaisitheoir mór le rá, Andrew Whitson, nó Mr Ando mar is fearr aithne air. Is í Máire scríbhneoir na sraithe Rita, a bhfuil ráth iontach uirthi. D’inis sí dúinn faoin tábhacht a bhaineann leis na teangacha Ceilteach a tharraingt le chéile mar atá siad a dhéanamh leis an chamchuairt. Mhol sí fosta an comhoibriú idir An tSnáthaid Mhór agus Iontaobhas Náisiúnta Liteartha, go háirithe agus na páistí a d’fhreastail ar an imeacht ag dul abhaile le leabhair saor in aisce a bhuíochas leis an Iontaobhas.

Close
Close