Tricia Ní Chearra ceaptha ina hOifigeach Gaeilge ag CLG Uladh

Tá Tricia Ní Chearra ceaptha ina hoifigeach Gaeilge ag CLG Uladh.

Cruthaíodh an post úr i gcomhar le Foras na Gaeilge mar chuid de Phlean Straitéise CLG Uladh 2016-2020.

Is ball de Chumann Sheáin Uí Mháirtín, sa Gleann i gContae an Dúin, í Tricia agus tá sí anois ag obair le Roinn Forbartha Pobail CLG Uladh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an chúige.

Dúirt ceann na Roinne, Diarmaid Ó Mairsdin, agus é ag caint ar an cheapachán:

“Tá áthas orainn go bhfuil Tricia anois ag obair mar Oifigeach Gaeilge le CLG Uladh. Tá cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir ag croí an phoist seo, ag leibhéal an chontae agus ag leibhéal na gclubanna fud fad an Chúige. Tá pointe teagmhála anois againn chun comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun cinn agus forbairt na teanga, agus tá súil againn go gcruthófar comhfhiontar agus comhpháirtíocht idir na contaetha agus na clubanna, na húdaráis áitiúla agus na heagraíochtaí éagsúla san earnáil Ghaeilge agus in earnáil an oideachais amach anseo.”

Labhair muid le Tricia le linn chomórtas peile Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, an chéad imeacht a d’eagraigh sí agus í sa ról úr… 

Close
Close