Tá Seachtain na nOibrithe Deonacha 2025 á comóradh faoi láthair, ón 2ú go dtí an 8ú lá de mhí an Mheithimh.
I rith na seachtaine seo, ceiliúrtar an obair a dhéanann daoine go deonach ar son a bpobal agus an iarracht a chuireann siad isteach gan airgead ar bith a fháil, bíodh sin le carthanacht, le club óige nó le cumann spóirt.
Chun comóradh a dhéanamh ar an tseachtain, thug Meon Eile cuairt ar sheisiún traenála mhná Laochra Loch Lao le labhairt lena gcóitseálaí, Robbie Clarke. Phléigh sé an dóigh ar thosaigh sé leis an chlub, agus an tábhacht agus tairbhe a bhaineann le hobair dheonach a dhéanamh ar a shon.