Tá Campa Chormaic, campa samhraidh Gaeilge, spóirt agus spraoi, 20 bliain ar an fhód i mbliana. Bunaíodh an campa in ómós do Chormac McAnallen, iar-imreoir peile le Tír Eoghain, cainteoir Gaeilge agus múinteoir, a fuair bás in 2004.
Ba as an Bhréantar i gContae Thír Eoghain é Cormac. Ba Ghael go smior é agus bhí clú mór air ar fud na tíre mar pheileadóir dá chumann Naomh Pádraig ar an Eaglais, do Thír Eoghain (a bhuaigh Sam den chéad uair in 2003) agus d'Éirinn i gcomórtas na Rialacha Idirnáisiúnta.
Díríonn Campa Chormaic ar cheithre luach: an spórt, an teanga, an cultúr agus an spraoi. Is campa é ar féidir le cailíní agus buachaillí idir 8 agus 16 bliana d'aois freastal le chéile. Bíonn foireann chumasach dhíograiseach ag obair ar an champa bliain i ndiaidh bliana, ag bainistiú na ngníomhachtaí éagsúla, ón pheil Ghaelach, camógaíocht, iománaíocht, agus cispheil go dtí na ranganna Gaeilge.
Thug Meon Eile cuairt ar an Champa ar an Domhnach Mór an tseachtain seo. Beidh an Campa ar siúl ar an Eaglais níos moille an mhí seo chomh maith.
Labhair muid le duine de phríomhoidí an chúrsa, Kevin McConnell, agus leis an mhúinteoir, Róisín McErlean, a bhí ag teagasc camógaíochta agus iománaíochta. Bhí an deis againn labhairt le ceathrar daltaí fosta - Peggy, Sadhbh, Mollie agus Ella.
Agus fuair muid barúlacha daoine ar Chluiche Leathcheannais na hÉireann a bheas ag titim amach amárach i bPáirc an Chrócaigh idir Tír Eoghain agus Ciarraí!