Bród agus saol an spóirt

Le clabhsúr a chur ar shraith s’againn faoi 'Bród', chuaigh Meon Eile i dteagmháil le clubanna agus imreoirí spóirt ón phobal LADT.

Is eagraíocht é Sporting Pride a thugann tacaíocht do clubanna spóirt LADT+ agus a spreagann daoine ón phobal le pairt a ghlacadh sa spórt. Thug muid cuairt ar Bháile Átha Cliatha, áit a bhfuil siad lonnaithe agus ar bhuail muid le Suzy Macken, idirghabhálaí oideachais na heagraíochta. Thug sí cur síos ar an obair dhearfach atá idir lámha acu. 

Labhair muid fosta le Hugh Mac Giolla Cheara, atá ina Oifgeach Gaeilge do Na Gaeil Aeracha, foireann CLG a bunaíodh anuraidh d'imreoirí aeracha. Agus bhuail muid le John O’Donovan, a bhíonn ag rith leis an chlub reathaíochta The Dublin Front Runners. Thug an bheirt acu léargas ar an spraoi agus ar an chairdeas a bhíonn ann ina gcuid clubanna.

Tá a lán cineálacha clubanna spóirt nasctha le Sporting Pride agus tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Tá breis sonraí faoi Na Gaeil Aeracha le fáil anseo agus faoi The Dublin Front Runners anseo.

Close
Close