Is í Bríd Nig Aoidh an tOifigeach Forbartha Pobail úr ag CLG Loachra Loch Lao, an club CLG Gaeilge atá lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste.
Bunaíodh Laochra Loch Lao sa bhliain 2017 agus tá sé ar an aon chumann CLG amháin sna Sé Chontae a reáchtáiltear go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá ról tábhachtach ag na Laochra i dtógáil an phobail teanga le blianta beaga anuas, ar an pháirc peile agus sa tsochaí trí chéile, agus cuireann an cumann fáilte roimh chainteoirí Gaeilge de gach cumas agus cúlra.
Bíonn an club ag obair go leanúnach le heagraíochtaí pobail i mBéal Feirste ar nós Glór na Móna agus Fís an Phobail. Beidh Bríd ag díriú ar mhórphobal an chumainn agus ar na dóigheanna ar féidir an pobal sin a fhorbairt agus a mhéadú. Ag obair in éineacht le Bríd tá Damian McCallin, Bainisteoir Forbartha Cumainn Laochra Loch Lao, a dhíríonn ar an spórt féin, idir na cóitseálaithe, na himreoirí agus na cluichí.
Cuireadh Cúl Camp Laochra ar siúl ag Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh, seachtain iontach ar ar fhreastail breis agus 70 páiste. Bhí lúchair ar Bhríd an t-imeacht seo a chur ar bun agus an tinreamh ard a fheiceáil chomh maith.
Labhair Bríd linn ag an Champa faoin tábhacht a bhaineann le himeachtaí mar é i dtaca le tógáil pobail.
Is féidir CLG Laochra Loch Lao a leanúint ar Facebook, Twitter agus Instagram.