Sa tsraith seo amharcfaidh Meon Eile ar ghnónna éagsúla spóirt atá lonnaithe i mBéal Feirste. Tabharfaidh muintir na ngnónna seo léargas dúinn ar chúrsaí margaíochta, ar úsáid na meán sóisialta agus ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. San eipeasóid seo insíonn Niamh Taylor, múinteoir ióga agus úinéir Hot Yoga West, dúinn faoina turas féin maidir lena comhlacht a oscailt agus faoi na tréithe atá de dhíth le gnó rathúil a chur agus a choinneáil ar bun.
D'oscail Niamh an comhlacht lena máthair, Bronagh, bliain ó shin. Tá siad anois ag cur ranganna ióga te agus Pilates ar fáil achan seachtain. Thosaigh Niamh ag cleachtadh ióga mar dhóigh le haire a thabhairt di féin agus níorbh fhada gur aithin sí go raibh an tseirbhís de dhíth in iarthar Bhéal Feirste.
Sa tsraith seo cluineann muid ó úinéirí gnó faoi na rudaí atá foghlamtha acu go dtí seo faoi ghnó rathúil a reáchtáil in earnáil an spóirt.
Tá níos mó eolais le fáil faoi sheirbhísí Hot Yoga West ar Instagram:
hotyogawest_