Is mór an spórt a bhí le fáil i bPáirc Sherry i lár chathair Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo caite agus Lá Spraoi Mhacha faoi lánseol don tríú bliain as a chéile.
Is iad Gael Linn a d’eagraigh an lá i gcomhpháirtíocht le Naíscoil na Caille, An Roinn Pobal agus Cuibhreannas Ard Mhacha Thiar. Bhí roinnt imeachtaí ar an lá don teaghlach uilig amhail ceol traidisiúnta, damhsa Gaelach, seó grinn agus rang aclaíochta le GaelFit.
Labhair Meon Eile le hOisín McVicker ó GaelFit faoin phaisean atá aige an aclaíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge d’achan duine idir óg agus aosta.
Dúirt an Comhairleoir Brona Haughey go bhfuil ardmholadh tuillte ag an lucht eagraithe as an lá a chur ar siúl don phobal áitiúil.
Bhí Altram i láthair ag an Lá Spraoi chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge agus labhair muid le Wendy Mistéil ón eagraíocht a dúirt go bhfuil imeachtaí mar seo iontach tábhachtach do thuistí le go dtig leo cuidiú lena chéile agus comhairle agus tacaíocht a fháil ó theaghlaigh eile agus ó na grúpaí Gaeilge ábhartha.