Ag rith ar mhaithe leis an mheabhairshláinte

Is í seo Seachtain Feasachta na Meabhairshláinte 2020 agus le géarcheim an choróinvíris ar siúl fud fad an domhain tá an cheist níos tábhachtaí ná riamh.

Bhuail Meon Eile le Caoimhe Nic Gualdraic, a shíleann go bhfuil an rith an-thábhachtach don intinn. Thosaigh sí ag rith agus í ina cailín óg, ag glacadh pairt i rásanna trastíre. Agus í anois ina tríochaidí, tá an reathaíocht ina dlúthchuid dá saol go fóill. Labhair sí faoin chuidiú a thugann an reathaíocht di, ó thaobh na sláinte coirp agus na sláinte intinne. Dar le Caoimhe nach bhfuil “rud ar bith níos fearr do do mheabhair ná a bheith amuigh ag rith sa dúlra agus faoin aer úr”.

Tá go leor cineálacha fadhbanna meabhairshláinte ann ar ndóigh agus tá an scéal níos measa ó thuaidh ná mar atá sa deisceart nó sa Ríocht Aontaithe. Ar a bharr sin faigheann na seirbhísí anseo i bhfad níos lú airgid ón bhuiséad sláinte, rud a bhfuil baint mhór aige leis an fhadhb ghinearálta.

Má tá fadhb ar bith agat féin le do chuid smaointe nó le haon ghné de do shláinte mheabhrach, tá cuidiú ar fáil duit. Deir na saineolaithe uilig gurb í an chéad chéim i dtreo an leighis ná comhaire a lorg. Labhair le duine éigin. Tá leideanna éagsúla chun cuidiú leat le fáil anseo agus tá uimhreacha do sheirbhísí meabhairshláinte an tuaiscirt anseo.

Close
Close