Tá tús curtha le togra úr de chuid An Droichead, an eagraíocht Ghaeilge atá lonnaithe ar Bhóthar Ormeau i mBéal Feirste, i ndiaidh dóibh píosa talaimh úir a fháil taobh thiar den fhoirgneamh s’acu.
Tháinig baill de phobal na Gaeilge sa cheantar le chéile ar na mallaibh chun lámh chuidithe a thabhairt agus ní beag an obair a bhí le déanamh acu. D’oibrigh an grúpa go crua le chéile chun bruscar a bhailiú, fál a ghearradh agus an áit a dhéanamh glan sábháilte.
Is é an fhís atá ag An Droichead don spás ná áit ghlas a chruthú i lár na cathrach ionas go dtig le pobal na Gaeilge ceangal leis an dúlra.
Labhair Meon Eile le Daniel Mac Liam, atá nuacheaptha mar Bhainisteoir Ionaid ag An Droichead, faoi na pleananna éagsúla atá acu don spás seo i ndiaidh ‘an chéad céim’ a ghlacadh ar an togra. Tá súil aige go mbeidh gairdín pobail acu, bláthanna agus crainn dhúchasacha agus spás imeachtaí fiú agus an obair ar fad curtha i gcrích.
Mar chuid den togra seo, bhí páistí ó Chumann Óige an Droichid ag baint prátaí ón talamh chomh maith. Dar le Pilib Ó Duibhir, a ghlac páirt san obair, gur rud fíorthábhachtach é go bhfuil páistí na cathrach in ann nascadh leis an dúlra agus tá sé cinnte go mbeidh tionchar dearfach ag an spás nua ar phobal An Droichid go ginearálta.