An chéad bhliots peile ag Gaelcholáiste Dhoire agus An Carn

Ghlac níos mó ná 10 mbunscoil ó chontaetha Thír Eoghain agus Dhoire páirt sa chéad bhliots peile Gaelaí riamh a d’eagraigh ag An Carn agus Gaelcholáiste Dhoire.

Is cumann pobail iad An Carn a oibríonn chun an Ghaeilge agus saol na Gaeilge a chur chun cinn i gceantair Charn Tóchair, i ndeisceart Dhoire. D’oibrigh siad le Gaelcholáiste Dhoire, an dara meánscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh, leis an lá iomlán den pheil Ghaelach a chur ar fáil do na daltaí. 

Labhair Meon Eile le Príomhoide Feidhmeannach Gaelcholáiste Dhoire, Treasa Uí Dhálaigh, agus d’inis sí dúinn faoin iarracht atá an scoil a dhéanamh le pobal Gaeilge láidir a thógáil do na daltaí.

Bhí scoláirí Ard-Leibhéil an Ghaelcholáiste ag cuidiú leis na cluichí a eagrú, agus rinne siad réiteoireacht orthu chomh maith. Dar le Treasa go bhfuil an nasc seo idir na scoláirí s’acu agus na páistí bunscoile ríthábhachtach agus iad ag léiriú dóibh siúd atá ag bogadh chun na meánscoile go bhfuil deiseanna agus rath ag baint leis an scoil agus leis an Ghaeloideachas. 

Labhair múinteoir corpoideachais na scoile, Conor Mac Alastair, linn fosta faoi shaol an spóirt i nGaelcholáiste Dhoire, agus an béim a chuireann siad ar an aclaíocht. 

D’inis príomhchinnire na scoile dúinn fosta faoin sult a bhain sí as bheith ag obair leis na daltaí bunscoile agus go ndeachaigh an leibhéal Gaeilge s’acu i bhfeidhm uirthi go mór.

Bhí seans againn labhairt le cuid de na peileadóirí óga a bhí i láthair ar an lá agus labhair siad linn faoin lá iontach a bhí acu agus na rudaí is fearr leo faoin pheil Ghaelach. 

Dar le Ben Ó Baoill ó An Carn gur lá thar a bheith rathúil a bhí ann agus tá siad ag dúil leis an comórtais a reáchtáil arís sna blianta eile atá le teacht.

Close
Close