Bhailigh scaifte ar an tSliabh Dhubh os cionn Bhéal Feirste maidin Dé Sathairn le tabhairt faoi ghníomhartha pobail ar son chaomhnú an tsléibhe.
Bhí ionadaíocht ann ón Black Mountain Rewilding Project, Gairdín an Phobail, Glór na Móna, Newhill Youth & Community Association, agus ón phobal áitiúil go ginearálta.
I measc na ngníomhartha ar tugadh futhú, bhí bailiú bruscair, plandáil crann agus bailiú síolta le go gcuirfí na plandaí sin i nGairdín an Phobail. Chuala an slua ó Aaron Kelly ón Black Mountain Rewilding Project faoi na hainmhithe agus na plandaí atá ag maireachtáil ar an tSliabh Dhubh, agus faoi na lonnaíochtaí arsa a bhíodh ann fadó.
Labhair Seán Mac Brádaigh ó Ghairdín an Phobail linn faoin ghníomhaíocht seo agus faoin chúis léi, agus thug sé rabhadh do chách a dhreapann an sliabh – gan cur isteach ar chrainn na síog!

