An chéad teacht le chéile de chuid Comhmná

Tháinig grúpa nua darb ainm ‘Comhmná’ le chéile den chéad uair riamh in Lena’s, Áras Uí Chonghaile, Béal Feirste maidin Dé Sathairn.

Ar nós ciorcal comhrá ar bith, tugann Comhmná deis do dhaoine teacht le chéile lena gcuid Gaeilge a labhairt i suíomh sóisialta. Freastalaíonn an ciorcal seo, áfach, ar mhná agus cailíní amháin le go mbeidh na himeachtaí a reáchtálfar ina spásanna sábháilte a mbeidh na rannpháirtithe compordach labhairt go hoscailte iontu ar bhealach nach mbeadh, b’fhéidir, i spásanna measctha.

Chuala Meon Eile ó Niamh Nic Giolla Dhuibh, duine de bhunaitheoirí Comhmná, faoin chiorcal agus na splancanna inspioráide a spreag í lena bhunú, agus faoina bhfuil sí ag súil leis ó thaobh thodhchaí an ghrúpa de.

Is féidir Comhmná a leanúint ar Instagram ag @ciorcalcomhmna, áit a bhfoilseofar na sonraí faoina gcéad imeacht eile nuair a shocrófar é.

Close
Close