Scioból na bhFear ag Ionad na Fuiseoige

Bhunaigh Kieran Mac Brádaigh ó Ionad na Fuiseoige scioból na bhfear taobh amuigh den ionad le gairid. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal spás Gaeilge a bheith ag fir an cheantair chun am a chaitheamh ann le chéile agus scileanna nua a fhoghlaim.  

Thug Meon Eile cuairt ar an ionad agus labhair muid le Kieran a mhínigh an gá atá lena leithéid d'áit.

Tagann scioból na bhfear le chéile gach maidin Déardaoin agus tá sé i gceist acu síneadh go laethanta eile de réir mar a fhásann an scioból.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close