Cultúrlann le tógáil i gcathair Ard Mhacha

Tá conradh cíosa á shocrú idir Comhairle Cathrach Ard Mhacha agus Aonach Mhacha a chinnteoidh gur ar láthair an tsean-stáisiúin dóiteáin a thógfar an Chultúrlann nua i gcathair Ard Mhacha ar chostas £1.5 milliún.

Deir Cairde Teo go gcothófar beagnach 20 post sa chultúrlann idir na heagraíochtaí éagsúla a bhéas lonnaithe ann agus na tionscnaimh chultúrtha a bhéas ag feidhmiú ann.

Tugadh le fios le linn sheoladh na bpleananna forbartha go mbeidh caife Gaelach, amharclann bheag, chomh maith le roinnt eagraíochtaí Gaeilge lonnaithe i gcultúrlann Aonach Mhacha.

Tá cúnamh airgeadais don tionscadal geallta ó Chiste Infheistíochta na Gaeilge, ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Gael Linn, Iontaobhas Ultach, Infheisíocht TÉ agus Iontaobhas Infheistíochta Phobail Uladh.

Tá sean-staisiún dóiteáin Ard Mhacha díomháin ó d’aistrigh bríogáid dóiteán na cathrach chuig suíomh difriúil naoi mbliana ó shin.

Mar chuid de phróiseas athneartú pobail, lorg Comhairle Ard Mhacha léirithe suime ó fhiontraíochtaí sóisialta i gceantar Ard Mhacha i dtaca leis an sean staisiún dóiteán. D’éirigh leis an eagras Aonach Macha sa phróiseas léiriú suime.

Tá cúig stiúrthóir ar Aonach Mhacha, eagras a bunaíodh leis an chultúrlann a thabhairt chun cinn; ina measc siúd, tá ionadaithe ó Gael Linn agus Cairde Teo. Táthar dóchasach go mbeidh cinneadh ann faoin chead pleanála roimh dheireadh an earraigh.

Deir Seán Ó Maoilste ó Chairde Teo gurb í an chéad chéim eile a bhéas ann i ndiaidh cead pleanála a chinntiú ná "ollscartaire nó bulldozer a thabhairt isteach, an foirgneamh a leagan agus toiseach ar an obair atógála!”

Aonach Macha
Close
Close