Caifé Ceoil - 3 bliana ar an fhód

Caifé Ceoil is ainm don bhialann atá lonnaithe san ionad Gaeilge, Áras Mhic Reachtain, i dTuaisceart Bhéal Feirste agus tá sé ag ceiliúradh 3 bliana ar an fhód faoi láthair.

Bíonn an caifé oscailte ón Luan go dtí an Aoine, ó 9.30am go 4pm, agus gach Déardaoin bíonn ceoltóirí traidisiúnta ag seinm beo ann. Is féidir lón an-bhlásta a fháil sa chaifé, ullmhaithe go speisialta ag an chócaire, Ciarán Ó Cruadhlaoic -is minic a bhíonn seabhdar iasc, stobhach, tóstaithe agus anraith ar an bhiachlár. Tá meascán maith luibheanna á bhfás ag Ciarán taobh amuigh faoin aer - miontas, lus mín agus basal ina measc - agus baineann sé úsáid astu seo sa chócaireacht, rud a chuireann go mór le úire agus blas an bhia. 

Is iad Dearbhla Ní Fhionnáil agus Caitríona Ní Chloigligh atá ina bhfreastalaithe agus barista ann. Is féidir féirín milis a roghnú agus caife den scoth (ó Established Coffee) a fháil ann chomh maith.

Is fiontar sóisialta é an caifé agus spás foirfe le do chuid Gaeilge a chleachtadh ó lá go lá. Bíonn imeachtaí speisialta á reáchtáil ann i rith an ama, ar nós 'Cáis, Ceol 's Ól', oíche ghalánta ina n-ullmhaíonn Ciarán ceithre chúrsa den scoth, le ceol beo ó cheoltóirí áitiúla nó ó thíortha eile.

Is minic a bhaintear úsáid as an spás le haghaidh imeachtaí Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain chomh maith, go háirithe i rith na bhféiltí bhliantiúla. Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl faoi láthair go tús mhí Lúnasa agus is féidir breathnú ar an chlár anseo.

Close
Close