Comórtas 'Cribby' ag Féile an Phobail

Seans gur chuir tú ‘Cribby’ air, nó ‘Kerby’, nó fiú ‘Kerbsie’, ach ba chluiche é ar fhás go leor daoine aníos leis i mbailte na hÉireann.

Do na daoine sin nach n-aithníonn an cluiche, imrítear é le beirt ina seasamh os comhair a chéile ar dhá thaobh na sráide, agus déanann siad iarracht colbha thall an bhóthair a bhualadh le liathróid chun pointí a scóráil.

Bheadh miondifríochtaí ann, ag brath ar an áit, ach sin é príomhchuspóir an chluiche.

Sula raibh Facebook agus Fortnite ann, bhí sé seo ar cheann de na caithimh aimsire is mó a bhí ag páistí agus iad amuigh ag súgradh ar an tsráid.

I mbliana, chun deis a thabhairt do dhaoine filleadh ar laethanta na hóige, eagrófar comortás mór 'cribby' ag Féile an Phobail.

Ní fheiceann tú mórán páistí ag imirt an chliuche sa lá atá inniu ann mar sin tá Féile an Phobail ag iarraidh daoine a spreagadh le páirt a ghlacadh sa chomórtas agus spraoi den seandéanamh a thaispeáint don chéad ghliún eile.

Ag toiseacht i mí an Mheithimh, beidh babhtaí ann ina n-imreoidh ceantar in éadan ceantair agus ansin, i mí Lúnasa, beidh an babhta ceannais ann nuair a bhronnfar an teideal mór ‘Curadh Cribby’ ar na buaiteoirí.

Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa spraoi, beidh Féile an Phobail ag cur níos mó eolais ar na meáin shóisialta sna míonna amach romhainn. 

Close
Close