Tá Bród Bhéal Feirste ina imeacht ollmhór don phobal LADTA+ sa Tuaisceart. I mbliana tá imeachtaí ag tarlú ar fud na cathrach idir 18 Iúil agus 27 Iúil, agus an mórshiúl clúiteach ar siúl Dé Sathairn 26 Iúil.
Le Bród Bhéal Feirste a cheiliúradh, thug Meon Eile cuairt ar chleachtadh de chuid Quire, an t-aon chór LADTA+ sa ó thuaidh. Is in 2005 a bunaíodh é mar chuid de The Rainbow Project do Bhród na bliana sin.
Tá cáil ar Quire anois as a gcaighdeán ard ceoil agus tá roinnt duaiseanna buaite acu go dtí seo ag féiltí agus comórtais éagsúla. Labhair muid le Niall OFlaherty-Lynch, Stiúrthóir Ceoil an chóir, a dinis dúinn faoin éagsúlacht atá sa ghrúpa idir aois, náisiúntacht agus gnéasacht.