'Ar Scáth a Chéile' i mBéal Feirste

Agus géarchéim an choróinvíris faoi lán seoil ar fud an domhain, tá an féin-leithlisiú á chleachtadh ag an chuid is mó de mhuintir na hÉireann. De réir chomhairle an rialtais, tá ar dhaoine fanacht sa teach lena dteaghlaigh ach amháin má tá siad ag dul chun píosa aclaíochta a dhéanamh nó táirgí riachtanacha a fháil.

Tá an dlúthpháirtíocht phobail le mothú dá bharr agus daoine ag déanamh bearta éagsúla chun cuidiú lena gcomharsana. Sampla de sin ná an tionscadal nua Ar Scáth a Chéile a bunaíodh i mBéal Feirste.

Tugann an grúpa comhairle agus noda don phobal le linn na paindéime agus tá roinnt imeachtaí agus comórtas á reáchtáil acu ar féidir le daoine cur isteach orthu ar na meáin shóisialta agus iad sáinnithe sa bhaile.

Labhair muid le Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Pádraic Mac Coitir, a bhí amuigh ag tabhairt bia do dhaoine nach féidir leo imeacht óna dtithe de dheasca an víris.

Is féidir dul i dteagmháil le Ciarán nó Pádraic agus le Ar Scáth a Chéile féin ar Facebook nó ar Twitter.

Close
Close