An dara bliain den chúrsa 'Gaeltacht sa Bhaile' ar an Iompú Deiseal, Fear Manach

D'fhreastail 90 páiste ar an dara bliain den chúrsa 'Gaeltacht sa Bhaile’ ar an Iompú Deiseal i gContae Fhear Manach ar na mallaibh.

Bhí idir pháistí bunscoile agus pháistí meánscoile ar an chúrsa 5 lá agus ba as scoileanna Béarla an chuid is mó acu. Dá bhrí sin cuireadh béim ar na bunghnéithe d'fhoghlaim na Gaeilge, le cois an spóirt agus an spraoi.

Bhí ceithre rang Gaeilge ann - Rang 5, Rang 6, Rang 7 agus ceann do lucht meánscoile - mar aon le múinteoir agus cúntóir i ngach ceann acu. Is £40 in aghaidh an duine a bhí ar an chúrsa, le £20 ar an dara páiste ón chlann chéanna.

D'fhreastail Meon Eile ar an lá dheireanach den chúrsa, Dé hAoine, agus é ar siúl arís in Ionad Pobail an Iompú Deiseal. Thaistil páistí as achan chearn d'Fhear Manach agus de Thír Eoghain chuig an champa gach maidin ar bhus a cuireadh ar fáil dóibh go speisialta. Bhí deis againn labhairt le beirt mhúinteoirí ón chúrsa i mbliana, Órán agus Grace, chomh maith leis an cheannaire Eva a bhí ann mar mhúinteoir anuraidh.

Is é an club áitiúil CLG Mhic Uidhir, an tIompú Deiseal, a d’eagraigh an cúrsa agus cuireadh maoiniú ar fáil ó Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí.

Close
Close