Polaitíocht Úr? Anailís ar NI21

Polaitíocht Úr? Anailís ar NI21

Ciarán Dunbar

Tháinig an páirtí nua N121 ar an tsaol i mí Meithimh 2013, páirtí atá “ar son an aontais” ach ní aontachtach (cé go nglacann siad leis an sainmhíniú sin sa Tionól), “forásach” agus “ar son na hEorpa” a mhaíonn siad.

Is iad na toghcháin áitiúla agus an toghchán Eorpach atá romhainn ar 22 Bealtaine an chéad uair a bheas deis ag an pháirtí suíocháin a bhuachan – tá dhá shuíochán acu sa Tionól cheana ach bhain Basil McCrea agus John McAllister iad siúd mar bhaill den UUP.

Ach an mairfidh N121 i ndhiaidh na dtoghchán seo ar chor ar bith mura mbeidh aon suíocháin bainte acu – cha bhíonn i mo thuairimse agus is doiligh a shamhlú gur féidir le McCrea agus McAllister a suíocháin féin a choinneáil fiú sa chéad toghchán eile Tionóil.

Sin d’ainneoin go bhfuair branda s’acu den aontachas (ní ghlacfadh siad leis an chur síos sin ar ndóigh) cluais éisteachta sna meáin agus gur léiríodh go léir ba dóibh mar thoradh ar an ‘fresh politics’ a gheall siad agus mheall roinnt daoine as cúlra Caitliceach.

D’éirigh go han-mhaith le lainseáil an pháirtí mar shampla bhí an-ócáid an-eagraithe ar fad agus d’éirigh leis an-aird a tharraingt.

Ach bhí foinse eolais taobh istigh den pháirtí agam agus tá sé cinnte go raibh deis den scoth ag an pháirtí seo ach go bhfuil an deis sin caillte a bheag nó a mhór anois – an chuid is mó den mhilleán curtha ar an cheannaire Basil McCrea agus an ‘ego mór’ a chuirtear ina leith go mion minic.

Is í an fhadhb is mó a bheas acu ná go mbeidh siad ag iascaireacht do na vótaí céanna is a bheas Alliance – agus is léir gur spreag sin nimh eatarthu.

An bhfuil spás ann don dá pháirtí – Alliance agus N121? Feicfidh muid go luath ach tá mion-difríocht ann. Tá NI21 go hoscailte go bhfuil siad ar son an Aontais – maíonn Alliance go bhfuil sé neodrach, an n-éireoidh leis sin vótaí a mhealladh? Arís, gheobhaidh muid sin amach go luath.

Ach ní comhartha maith é nuair atá cuma ar an scéal nach féidir leo iarrthóirí a mhealladh chucu féin.

Bhí orthu giolc a chur amach ag iarraidh iarrthóirí toghcháin a mbeadh spéis acu seasamh don pháirtí teacht chun tosaigh – is í an cheist ná an pholaitíocht úr é seo nó éadóchas go díreach?

Tá sé amuigh orthu fosta, go dtí seo cibé ar bith, go mbíonn sé i gcónaí thar a bheith deacair eolas cruinn a fháil ar aon pholasaí de chuid N121 – is míbhuntáiste é sin in aimsir thoghcháin.

Arís, cuirtear an milleán dó sin ar McCrea féin, maítear gurb é féin go pearsanta a leagann na polasaithe síos seachas próiseas éigin a bhfuil páirt ag na baill ann.

Is suimiúil gur fhág fear óg darb ainm Shane O’Hanlon an páirtí ag tús mhí Mhárta, ar chúiseanna éagsúla ach léirigh sé páirtí nach bhfuil eagraithe go héifeachtach dar leis agus atá faoi oll-smacht ag McCrea.

Tina McKenzie

Tháinig roinnt daoine ó chúlra náisiúnach ‘amach as an chófra’ mar dhaoine atá ‘ar son an aontais’ le bheith ina mbaill de NI21.

Ina measc siúd bhí Tina McKenzie, Cathaoirleach an Pháirtí agus iarrthóir s’acu sa toghchán Eorpach.

Is iníon í le hiar-bhall den IRA, Harry Fitzsimons, a bhí i bpríosún san Iodáil anuraidh ar chúiseanna a bhain le sciúradh airgid.

Rinne mé agallamh léi don alt seo agus chuir mé an chéad cheist uirthi go díreach: tá tú i bpáirtí ar son an Aontais – nach ionann sin is a rá gur aontachtaí thú?

“Ní chuirim síos orm féin mar aontachtaí nó náisiúnaí,” a d’fhreagair sí, “ach tá mé ar mo chompord as a beith i mo Thuaisceart-Éireannach agus le gach rud a thugann sé sin leis taobh istigh de gach cultúr”.

“Ba chóir dúinn éagsúlacht Thuaisceart Éireann agus a oidhreacht shiabhir cultúrtha ón Ghaeilge go hAlbainis Uladh; ó CLG go Rugbaí, ó Fhleadh Cheoil na hÉireann go dtí na Ceiliúrtha Iubhaile.”

Lean sí léi chun cur síos a dhéanamh ar sheasamh páirtí s’aici ó thaobh an aontais de; “Aithníonn páirtí s’againn an luach atá inár gcaidreamh taobh istigh den Ríocht Aontaithe.

“Sa Life and Times Survey ní dhearna ach 47% [de na daoine a ghlac páirt ann] cur síos orthu féin mar aontachtaithe nó mar náisiúnaithe, ach teipeann ar na meáin agus ar institiúidí rialtais an grúpa seo a aithint.

“Shíl 40% de Chaitlicigh gurb smaoineamh maith é fanacht sa Ríocht Aontaithe go fad-téarmach ach tugann 0% aontachtaí orthu féin.

“Dála an scéil, tugaim dúshlán do dhuine ar bith a dhéanann cur síos orthu mar dhaoine nach bhfuil chomh hÉireannach le daoine atá ag iarraidh Éire Aontaithe.”

Is as Léana an Dúin in Iarthar Bhéal Feirste ó dhúchais í Tina McKenzie – cén chaoi a gcuirfeadh sí í féin chun tosaigh le vóta dhuine óg atá ag cur fúthu ansin inniu a mhealladh?

“Bunaigh do dhearcadh ar bhealach eolasach, ní gá duit vótáil sa bhealach a vótáil do thuismitheoirí, tháinig athrú ar an tsaol agus má shíleann go bhfuil muid níos fearr as sa Ríocht Aontaithe ba chóir go mothófá compordach sin a rá.

“D’iarrfainn orthu conas a fheiceann siadsan bealach chun tosaigh do chách i dTuaisceart Éireann.

“Is ceist dheacair í ach is ceist í a bheadh an chuid is mó de dhaoine óga níos fearr agus níos cróga ag freagair ná na glúnta a chuaigh rompu.

“Spreagfainn iad gan ach réiteach a bhfuil meas aige ar gach duine a leanúint agus títear domsa gurb ionann sin agus a bheith ag obair i bpáirtí a dhéanann ceiliúradh ar éagsúlacht s’againne agus nach bhfuil faitíos air roimhe nó nach nglacann mar bhagairt é.

“Caithfidh muid críoch a chur leis an stair agus Tuaisceart Éireann a thógáil inár féidir linn fócasú ar phoist do dhaoine óga, ní ar bhratacha, ar pharáidí agus ar an stair.

“Má thugann siad tacaíocht do NI21 ní rachaidh muid isteach i bpolaitíocht Oráisteach agus Glas ach ní shéanfaidh muid ár gcultúir ach an oiread.

“Tá meas againn ar gach cultúr agus creideann muid nár chóir go mbeadh lámh in uachtair ag grúpa amháin ar ghrúpa eile. Téann sé sin dhá bhealach!

“Seo an streachailt le ceist Éire Aontaithe fosta mar níl aon réiteach agat dóibh siúd i dTuaisceart Éireann a chreideann go bhfuil siad chomh Briotanach le duine ar bith eile sa Ríocht Aontaithe agus mar sin de ní hé Poblacht na hÉireann baile s’acu. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart sin a bhrú ar dhaoine.”

Cén dóigh a ndíolfadh sí an tAontas dóibh mar sin?

“Creidim gur meascán sinne ó Thuaisceart Éireann. Tá go leor féiniúlachtaí agus níl coincheap na féiniúlachta seasta.

“Cé go gcaithfidh muid ár n-earnáil phoiblí a fheabhsú, b’fhuath liom an NHS a thabhairt suas, nó an córas oideachais nó rátaí cánach níos ísle fiú agus timpeallacht eacnamaíochta níos measa [sa Phoblacht] (fiacha [poiblí] 105% agus dífhostaíocht ar 11.5%).

Mhínigh mé do Tina gur seirbhís nuachta Gaeilge í Meon Eile agus go raibh na mílte le máirseáil an Satharn dar ceann do chearta teanga – an bhfuil polasaí ag N121 ar an Ghaeilge mar sin?

“Tacaíonn muid go hiomlán le hAcht Gaeilge agus tvúitealann muid i nGaeilge [tá a fhios agam féin nach fíor sin go hiomlán – rinne siad atvúiteáil ar ghiolc a scríobh mé féin!] agus tacaíonn muid leo sin a bhfuil fonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim is a úsáid.”

Focal scoir

Ceann de na rudaí atá ag Tina McKenzie i gcoitinne le dreamanna eile atá i gcomórtas léi ná ‘An Tuaisceart-Éireannachas’ mar fhéiniúlacht, níl a fhios agam ar féidir náisiúntacht a bhaisteadh air óir cha mhaíonn éinne gur náisiún í Tuaisceart Éireann.

Tá an-bhéim leagtha aici ar choincheap na féiniúlachta solúbtha.

Is annamh a phléann náisiúnaithe féiniúlacht ar chor ar bith, ar an ábhar go measann siad gur náisiún í Éire agus gur náisiúntacht é Éireannachas, ní féiniúlacht. 


Ach títear domsa, d’ainneoin go séanann N121 na lipéid aontachtacha (go pointe cibé ar bith) agus náisiúnaíocha, níl náisiúntacht mar choincheap séanta acu, uime sin nach gcaithfidh muid a ghlacadh go bhfuil náisiúntacht acu – Briotanach ach go bhfuil fo-fhéiniúltacht nó fo-fhéiniúlachtaí fiú de dhíth ar an Bhriotanachas seo le feidhmiú. 


Tá tacaíocht s’aici d’Acht Gaeilge suntasach gan amhras – cé mhéid vótaí a bhfaighidh sé sin i gceantair Aontachtacha? Vóta ar bith is dócha.

Ach an féidir a rá i ndáiríre nach aontachas atá léirithe aici go bunúsach – fiú más ó chúlra náisiúnach í?

Is í an fhadhb atá ann le daoine de bhunadh náisiúnach ná an féidir le haontachtaithe iad a thrust – an dtiontódh siad ar ais ina náisiúnaithe dá dtiocfadh athrú ar chúrsaí eacnamaíochta sa Phoblacht?

Is í an cheist eile an bhfuil ‘treibh’ nua á bhunú aici agus ag daoine cosúil léi?

Agus cad é an difear idir ‘féiniúlacht’ agus ‘treibh’ i ndeireadh na dála – an ceist í a bhaineann le haicme agus le hacmhainn seachas aon rud eile?

Close
Close