Gnó spóirt: Missile Fitness

Sa tsraith seo amharcfaidh Meon Eile ar ghnónna éagsúla spóirt atá lonnaithe i mBéal Feirste. Tabharfaidh muintir na ngnónna seo léargas dúinn ar chúrsaí margaíochta, ar úsáid na meán sóisialta agus ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. San eipeasóid seo insíonn Sean McComb, dornálaí proifisiúnta agus úinéir Missile Fitness, faoina thuras féin maidir lena chomhlacht a oscailt agus faoi na tréithe atá de dhíth le gnó rathúil a chur agus a choinneáil ar bun.

D’oscail Sean agus a chomhghleacaí Martin O’Hara an t-ionad traenála Missile Fitness sa bhliain 2021 agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin.

Sa tsraith seo cluineann muid ó úinéirí gnó faoi na rudaí atá foghlamtha acu go dtí seo faoi ghnó rathúil a reáchtáil in earnáil an spóirt.

Close
Close