Bhailigh muintir Bhaile Uí Mhurchú in Iarthar Bhéal Feirste le chéile le múrphictiúr a nochtadh an tseachtain seo, múrphictiúr a léiríonn tacaíocht don rapálaí mór le rá Liam Óg Ó hAnnaidh, nó ‘Mo Chara’ mar is fearr aithne air, agus dlúthpháirtíocht do mhuintir na Palaistíne.
Seoladh an múrphictiúr an oíche sula ndeachaigh an ball de Kneecap os comhair na cúirte i Londain agus ‘cúiseamh sceimhlitheoireachta’ curtha ina leith. Cuireadh an cás siar go dtí mí Mheán Fómhair.
Tá Nuala Ní Scolláin ina ball den ghrúpa gníomhaíochta Mothers Against Genocide agus dúirt sí gurb é aidhm an cháis cúirte Liam Óg agus Kneecap a chur ina dtost faoin Phalaistín.
Labhair Meon Eile fosta le hEoghan Ó Garmaile, atá ag obair le Glór na Móna, a mhol an pobal áitiúil as teacht amach le dlúthpháirtíocht a léiriú in ainneoin an fhógra ghairid.