Na Gréagaigh agus Éirí Amach na Cásca

Na Gréagaigh agus Éirí Amach na Cásca

Conall Ó Móráin

Le scéal chomh mór, casta agus atá ag bogadh chomh tapa sin, tá sé beagnach do-dhéanta a bheith cruinn ar céard atá in ann don Ghréig amach as seo, go mór mór sna laethanta agus seachtainí beaga ós ár gcomhair amach.

Chun achoimre thapa a dhéanamh, seo mar a léim féin an scéal (agus tá a n-amharc féin ag an-chuid daoine ar an scéal seo de bharr é a bheith chomh casta) ach seo mar a fheicim é.

Tá na Gréagaigh ar tí €85 billiúin d’fhiachas sa bhreis ar an mhéid atá acu, a ghlacadh.

Tá orthu an t-airgead seo a lorg díreach ionas gur féidir leis an geilleagar acu fanacht ar fónamh.

Tá geilleagair na Gréige bancbhriste.

Má (nuair) a ghlacann Parlaimint na Gréige leis an mhéid seo (ní bhfaighidh Syriza tacaíocht iomlán óna gcuid teachtaí ach glacfaidh an eite chlé le tacaíocht ón eite dheis chun a chinntiú go nglacann an Parlaimint leis), beidh fiachas na tíre ós cionn 220% de thárgaíocht na tíre.

Ní féidir leis na Gréagaigh an t-ualach fiachais seo a iompar.

Níl téacsleabhair eacnamaíochta a deir go mbeidís.

Is féidir a rá, dá réir, nach fiú dada an comhaontú a sroicheadh thar an deireadh seachtaine seo caite.

Agus más sin mar atá, céard is féidir leo déanamh?

Is féidir leo síneadh a fháil ar a gcuid iasachtaí, má tá orthu aisíoc a dhéanamh ar iasacht laistigh do dheich bliain is féidir é sin a bhrú amach go fiche, daichid nó seasca bliain.

Ach ní réitíonn sé sin easpa ábaltachta an bun-suim a aisíoc.

Is féidir an ráta úis a ghearradh go neamhní ach arís níl ansin ach ag cur i géill go bhfuil na Gréagaigh ag aisíoc a gcuid iasachtaí mar mura bhfuil siad ag díol ús nó an bun-suim, bhuel níl siad ag aisíoc?

An tríú rabhadh, agus an ceann is ciallmhaire ach is do-dhéanta a chur i gcrích, ná go dtabharfar faoiseamh suntasach dóibh ar a gcuid fiachais.

Chiallódh sé seo, abair, go ngearrfaidh líon na bhfiachas ina leath.

Ach ní thagann a leithéid do sheift gan costas.

Caithfidh duine, nó daoine, éigin díol as an lacáiste sin, rud a chosnódh abair €200 billiún.

Níl sé réadúil a cheapadh go dtarlódh a leithéid gan troid mhillteanach.

Rud eile faoi seo ná fiú dá mbeadh an toil pholaitiúil ann chun a leithéid a dhéanamh, bheadh cúirteanna na hEorpa lán do dhaoine ag éilimh a gceart agus a gcuid airgid agus thógfadh sé blianta, nó deicheanna de bhlianta, teacht ar réiteach.

Rud eile ar an dtaobh polaitiúil ná nach bhfuil seans in aon chor go dtabharfaidh Angela Merkel agus a páirtí CDU/CSU aon fhaoiseamh do Syriza a bhfuil roinnt mhaith dá bhaill go fada ar an eite chlé mar go dtabharfadh sé croí do dhreamanna cosúil leis an Anti-Austerity Alliance sa tír seo agus a mhacasamhail sa Spáinn agus sa Phortaingéil.

I líon chasta pholaitíocht na hEorpa níl seans go n-éireodh lena leithéid.

Tá cúpla fo-scéal ag baint leis an úrscéal seo, ina measc go gceapfá, dá n-éisteofá leis na Gréagaigh amháin, go raibh siad gan smál.

Ach ná luaigh an méid sin le muintir na Macadóine a bhfuil na Gréagaigh go mór mór tar éis tréan iarracht a dhéanamh leis na blianta iad a choimeád amach as an Aontas Eorpach mar…(seo a deir siad ach tá stair ghránna ag baint leis) tá an Mhacadóin ró-bhocht.

Mar a deir siad seo an phingin ag breathnú síos an tsrón ar an leathphingin.

Céard a tharlóidh?

Beidh rudaí i bhfad níos soiléire b’fhéidir i gceann seachtaine ach is é an tomhas (agus sin a bhfuil ann, agus tá mo thomhas chomh maith le tomhas Mherkel déarfainn ag an bpointe seo) ná go bhfeicfidh muid an Grexit, iompóidh an Ghréig ar an drachma, scaoilfear (ní úsáidfear an briathar ‘caith’ ariamh) amach as an AE iad agus tar éis bliain nó dhó ní thabharfaidh aon duine aon aird orthu ná ar a gcuid fiachais ós rud é nach mbeidh orthu iad a dhíol mórán roimh an dara comóradh céad bliain d’Éirí Amach na Cásca… sin in 2116.

 

Cuireann Conall an Sunday Business Show i láthair ar Today FM. Scríobhann sé altanna don Sunday Business Post agus bíonn sé ag craoladh faoi chúrsaí gnó agus eacnamaíochta le RTE, Newstalk, RnaG agus BBC Uladh. Bhuaigh sé gradam Colúnaí na Bliana i 2012.

Close
Close