Is iontach an chuideachta agus an ceol a bhí ann os comhair Halla na Cathrach, Béal Feirste, ar na mallaibh nuair a bhailigh Gaeil na cathrach le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar pholasaí stairiúil a chuaigh fríd Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag tús na míosa.
Is é seo an chéad pholasaí Gaeilge a bhí ag an chathair riamh agus leagann sé amach na pleananna atá ag an Comhairle leis an Ghaeilge a chur chun cinn ina cuid seirbhísí. Clúdaíonn sé gnéithe ar nós an aistriúcháin, na comharthaíochta agus buncháipéisí.
Is céim shuntasach chun tosaigh é an polasaí agus dar le Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge, is le pobal na Gaeilge é an bua seo agus gur le hachan duine sa chathair an Ghaeilge.
Luaigh Cuisle fosta an tábhacht a bhain le páistí bunscoile a bheith i láthair ar an lá agus iad mar chroílár an phobail. Labhair Meon Eile le beirt daltaí de chuid Ghaelscoil na bhFál atá iontach paiseanta faoin Ghaeilge agus faoi chearta teanga s’acu.
I measc an gcainteoirí a bhí ann ar an lá ceiliúrtha bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Conradh na Gaeilge agus gníomhaí aitheanta ó Bhéal Feirste. D'inis sé dúinn faoin dóigh ar fhás pobal na Gaeilge i mBéal Feirste; ó dornán beag Gaeilgeoirí a d’oibrigh go crua le cearta teanga a fháil, go dtí pobal ollmhór atá bríomhar agus díograiseach i leith na teanga.