An Nead - caifé Gaeilge úrnua oscailte i mBaile Mhuineacháin

Tá tearmann nua don Ghaeilge agus don phobal i gcoitinne oscailte i mBaile Mhuineacháin, is é sin an caifé úr ‘An Nead’.

Is í an eagraíocht Muineachán le Gaeilge a d’oscailt an caifé a bhfuil an mana ‘cupán, comhrá agus cultúr’ aige. Bhí an mana sin ina steillbheatha ag an oscailt oifigiúil Dé Sathairn agus an áit plódaithe le daoine as achan chearn den chontae, idir Ghaelgeoirí, cheoltóirí áitiúla, fhoghlaimeoirí agus teaghlaigh.

Beidh an caifé ina áit lárnach don phobal agus tabharfaidh sé deis do dhaoine cupán tae nó caife a fháil, greim bia a ithe, agus a gcuid Gaeilge a úsáid ag an am céanna.

Déanfaidh an caifé difear nach beag don eagraíocht féin chomh maith. Beidh sé ina áis ag na clubanna óige, ag an ghrúpa Tuistí ‘s Teachrán, agus ag na ranganna Gaeilge, mar aon le neart imeachtaí eile.

Tugadh cuireadh don tionchaire meán sóisialta, Kayleigh Trappe, An Nead a oscailt go hoifigiúil. Ba chúis bhróid é do Kayleigh a bheith i measc pobal saici féin agus a hiarphríomhoide i gCholáiste Oiriall, Brendan Ó Dufaigh, a fheiceáil ann chomh maith. 

Labhair Meon Eile le roinnt daoine ar an lá iontach.

Close
Close