‘Flourish - Framing the Legacy of Our Irish and Scottish Heritage’ is teideal do thionscadal taighde a seoladh ag Ollscoil Uladh, Béal Feirste, Dé Máirt. Is togra ceannródaíoch é seo a bheas ag díriú ar chomhrá nua dearfach a thosnú ar an Ghaeilge, ar Ghaeilge na hAlban agus ar an Ultais. Pléifear na cosúlachtaí, na difríochtaí agus na naisc eile eatarthu.
Beidh foireann Ollscoil Uladh ag bailiú eolais le linn an togra trí bliana go leith seo, ag iarraidh barúlacha an phobail a fháil ar na trí mhionteanga agus ar an oidhreacht, cultúr, stair agus saibhreas a bhaineann leo. Beidh daoine atá fostaithe ag an tionscadal ag dul amach sa phobal, ag tabhairt cuairt ar scoileanna agus ag plé le comhairleoirí áitiúla. Ar a bharr sin, beidh triúr mac léinn PhD ag obair ar an tionscadal, ag déanamh taighde ar na réimse oibre agus ar na torthaí ar fad.
Bhí cuid mhór daoine i láthair ag an ócáid seolta, ina measc ionadaithe ó Oifig an Fheidhmeannais, Roinn na Gaeltachta ó dheas, an SEUPB, an earnáil pobail, earnáil an oideachais agus baill ó eaglaisí éagsúla.
Tugadh maoiniú don tionscadal seo ón chlár ‘Peace Plus ’atá mar chuid den SEUPB (Special EU Programmes Body).


