Ní leor bheith béasach: tá fíor-úireacht ag teastáil

Ní leor bheith béasach: tá fíor-úireacht ag teastáil
NI21
NI21

Eoin Ó Murchú

Ní nach íonadh ach b’ócáid fhíor-bhéasach é céad chómhdháil an pháirtí Aontachtaigh nua, NI21.

Tháinig an páirtí ar an saol de bharr míshástachta taobh istigh den Pháirtí Aontachtach (UUP) go raibh siad ag dul ró-chóngarach don DUP, is maíonn siad go bhfuil gá le cruth úr ar an bpolaitíocht, ag seachaint an tseicteachais is ag tabhairt spáis don uile dhuine plé síochánta uileghabhálach a dheanamh faoi thodhchaí na Sé Chontae.

Bhailigh cúpla cead daoine le chéile mar sin an deireadh seachtaine seo san óstán Europa i mBéal Feirste le fís an pháirtí nua a chinntiú, agus iad ag súil go mbeidh siad in ann dul in iomaíocht leis an Alliance agus leis an UUP i dtoghcháin feasta.

Ach ní hí seo an chéad uair gur tháinig páírtí úr neamh-sheicteach Aontachtach ar an saol. Sin é go díreach an fáth ar bunaíodh an Alliance, agus d’éirigh leosan suas go pointe tacaíocht áirithe teoranta a mhealladh ó Chaitlicigh is Protastúnaigh araon – díreach an aidhm atá ag NI21.

Tá sé deacair mar sin a thuiscint cén chaoi a bhfuil an páirtí nua difriúil ón Alliance, nó cén fáth nach féidir leo díreach dul isteach san Alliance; ach amháin gur leir go bhfuil ag teip ar an Alliance aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh.

Tá leath-fhocal ann ámh ó cheannaire an pháirtí Basil McCrea a thugann leid áirithe don difir. Cé gur páirtí Aontachtach é, agus gur Aontachtaigh a bhí riamh i McCrea agus John McAllister, comh-fhondúirí an phairtí, labhair McCrea go láidir ag an gcómhdháil gur Éireannach Tuaisceartach é, agus gur sin an lipéad a chuirfeadh sé air féin.

Níor shéan sé an tAontachtachas, ach chuir sé Tuaisceart na hÉireann sa túsáit.

Go bunúsach is é an teachtaireacht atá ag teacht uaidh ná gur féidir le Caitlicigh agus Protastunaigh polaitíocht úr agus Tuaisceart Éireann úr a thógail le chéile ar bhonn a leasa polaitiúil is eacnamúil amháin, beag bean ar an stair is ar choimhlintí an tseicteachais.

Tá súil aige, is léir, go bhféadfaí tacaíocht a mhealladh ó dhaoine atá bréan den searbhas a bhaineann le haitheantas seicteach, ag tabhairt le fios gur feidir bheith compordach le traidisiúin chultúrtha gan chomhlint ná achrann.

Mar sin féin, ní léir go dtuigeann NI21 na féidirtheachtaí sin ar fad.

Tuigeann náisiúntóirí an Tuaiscirt nach féidir leo a bheith ag brath ar mheánaicme an deiscirt le tacaíocht ar bith a thabhairt fiú do phróiseas na síochána nó do leas na náisiúntóirí.

Mar shampla, tá a fhios ag an saol go bhfuil an próiseas i mbaol ach leanann bunaíocht an Deiscirt le hionsaithe ar Shinn Féin ar mhaithe le pointí a scóráil do pholaitíocht an Deiscirt.

Dá mbeadh comhionannas cearta is urraim ar fáil don traidisiún náisiúnach, b’fhéidir go bhféadfadh an Deisceart a fhágáil taobh thiar?

Ach, agus is ‘ach’ mór é, dá mbeadh comhionannas den chineál seo go fírinneach ann, cén mhaith don Tuaisceart bheith ceangailte ar chor ar bith le Sasana, go háirithe má laghdaíonn Albain a ceangal féin le Westminster is Londain?

Nach bhfuil margadh níos fearr le déanamh ag Caitlicigh is Protastúnaigh le chéile leis an Deisceart, mar bheadh i bhfad níos mó tionchair acu ansin?

Ní léir go bhfuil polaitíocht chomh húr sin, ámh, ag teastáil i ndáiríre ó McCrea is McAllister.

Mar sin labhraíodh faoi na nithe éasca: an gá le freasúra sa Tionól, rogha ar pholaitíocht ón aimisir chaite, an gá le héifeacht sa bpolaitíocht agus sa riarachán, agus an gá le cumhachtaí breise, cumhachtaí fioscacha ach go háirithe.

Níl aon amhras ach gur nithe tábhachtacha go maith iad seo, ach an dtéann siad go croí na ceiste, nó an féidir smacht ag an bpobal ar chúrsaí polaitiula is eacnamúla a bhaint amach i gcomhtheacs chomh teoranta sin?

Ag deireadh thiar, cé chomh tarraingeach a bheas an ‘Alliance Úr’ seo – mar sin atá ann dáiríre – don phobal neamh-Aontachtach?

Sea, gan dabht, ba chéim chróga go maith é Tina McKenzie a roghnú mar chathaoirleach ar an bpáirtí.

As cúlra Poblachtánach in iarthar Bhéal Feirste – bhí baint ag a hathair le feachtas an IRA, is chaith sé seal i bpríosún na Ceise Fada – is sampla í Tina de dhearcadh oscailte an pháirtí i leith úireacht pholaitiúil.

Ach caithfidh plé níos doimhne a bheith ann faoi chruth na polaitíochta sa todhchaí, mar a fheiceann NI21 é.

B’fhéidir go bhfuiltear ag súil leis an iomarca ag céad chómhdháil an pháirtí, a bheith ag moladh dóibh dul níos daingne isteach ina gcuid anailíse ar pholaitíocht an Tuaiscirt, ach más ionann NI21 agus páirtí an Alliance i gcónaí, ní fiú é ar chor ar bith.

Close
Close