Deireadh an bhóthair don Fheidhmeannas?

Deireadh an bhóthair don Fheidhmeannas?

Ciarán Ó Pronntaigh

Ní raibh aon tréimhse gheal ag an Fheidhmeannas riamh.

Ba mhinice ná a mhalairt go raibh easaontas ann faoi rud amháin nó eile.

Bhain sin leis an dóigh nach raibh an dara rogha ag na páirtithe Aontachtacha ach glacadh leis an socrú comhroinnt cumhachtaí atá i réim anois.

Bhí amanna ann nuair a bhí an dá thaobh níos sibhialta lena chéile ach i gcónaí bhí cúiseanna iomlán difriúil á gcoinneáil ar bord mar chomhleathbhádóirí.

Ní raibh an DUP róchompordach bheith san aon charr le Sinn Féin riamh gan a bheith ag tabhairt roth stiúrtha dá gcuid féin dóibh chomh maith.

In ionad bheith ag troid faoi sin b’fhusa an troid a dhíriú ar chúrsaí polasaí. An Teist Aistrithe, An Cheis Fhada, Acht na Gaeilge cuid de na cinn a thagann chun cuimhne go furasta.

Seans go ndéarfaí gur ceisteanna iad siúd a bhaineann leis an taobh náisiúnach agus an freagra a bheadh leis sin gurb é sin an breosla a choinníonn na páirtithe sin ag dul.

Ba mhaith Tír na Tairngreachta a fheiceáil, lá éigin.

Ach b’fhearr leis an taobh Aontachtach fanacht sa lána mall, áit atá níos sábháilte dóibh.

Anois, níos mó ná riamh, tá ceisteanna polasaí ina mbagairt don Fheidhmeannas.

Le seachtainí beaga anuas, níl an DUP ag cur fiacail ann – níl córas Stormont ‘chun oibre’. Agus go dtí pointe, tá an ceart acu.

Cuireann siad an locht ar Shinn Féin faoi láthair as an phionós airgeadais a leag Westminster ar an Fheidhmeannas de thairbhe nár glacadh le leasú an leasa shóisialaigh, nó ‘ciorruithe na dTóraithe’ mar a thugann Sinn Féin air.

Más maith bheith soiniciúil is den bhuntáiste do Shinn Féin gan géilleadh ar cheist an leasa shóisialaigh.

Ní chasfaidh siad an roth ar an cheist seo.

Maíonn siad gur chóir do na páirtithe uile ó thuaidh an fód a sheasamh agus dúshlán a thabhairt do pháirtithe Westminster ar an cheist.

Ní gá a rá go mbeadh sé doiligh ag Sinn Féin ciorruithe a chur i bhfeidhm i gcuid amháin den tír agus bheith i dtús cadhnaíochta ina gcoinne sa chuid eile. Ach tá a bpobal leo, agus pobal an SDLP chomh maith.

Deir na páirtithe Aontachtacha nach bhfuil an dara suí ann ach glacadh leis na leasuithe agus go bhfuil Sinn Féin dall ar ghnáthchúrsaí eacnamaíochta.

An cheist atá ann an amhlaidh gur le leas an DUP ligean do Stormont titim, fiú más ar feadh seala a mhairfeadh sé?

I rith an ama, tá na fadhbanna polaitiúla ag carnadh leo. Beidh deireadh le Foireann na bhFiosrúchán Stairiúil mar aonad neamhspleách, mar shampla.

An cheist a chuireann náisiúnaithe, cén dóigh a dtiocfadh leis na póilíní fiosrúchán ceart a dhéanamh ar phóilíní?

Tá an t-airgead ag éirí gann chomh maith, taobh amuigh de na pionóis airgeadais a leag Rialtas Westminster orainn agus is ag dul in olcas a bheidh an scéal na blianta beaga amach romhainn.

Níor chuidigh sé gur chuir ceist neamhspleáchas na hAlban Foirmle Barnet faoin spotsolas arís.

Tá caint ann faoi chainteanna leis na deacrachtaí a chíoradh ach tá go leor réamhchoinníollacha ag na mórpháirtithe cheana féin.

I ráiteas Dé Máirt, dúirt an Státrúnaí, Theresa Villiers, go mbeidh ‘painéal’ aici le ceist mhórshiúl Ard Eoin a thabhairt chun réitigh, rud a bhí ó na hAontachtaithe.

Ní mó ná sásta atá na páirtithe náisiúnacha faoi, áfach.

Cad é atá romhainn, mar sin?

Deirtear go bhfuil Sinn Féin ag pleanáil don ré iar-Robinson cheana féin agus le gach drochscéal a thagann amach ar bhonn rialta anois faoin Chead-Aire is mó a dhaingnítear an tuairim sin.

Ar na roghanna eile tá teacht ar ais na rialach dírí agus toghchán nua don Tionól. Nó an riail dhíreach ‘éadrom’ le seal ag an státseirbhís faoi stiúir Westminster.

Is dócha go mbeadh Sinn Féin socair go leor le ceann ar bith acu ach níl an scéal amhlaidh leis an DUP.

Ní bheidh Robinson ag iarraidh ionsaithe eile ar a cheannaireacht, go háirithe agus fios aige go bhfuil cúpla faicsean sa pháirtí ina choinne anois.

Níor imigh an ‘dosaen doicheallach’ nár ghlac le comhroinnt cumhachta le Sinn Féin an chéad lá, agus tá Edwin Poots fós thart ar an taobhlíne.

Ní fheicim go mbeidh mórán de bhuntáiste acu deireadh a chur leis na hinstitiúidí.

Ar bhealach, is é Jim Allister agus an TUV a bheadh thuas leis sin nó dar leis go bhfuil an córas mar atá lofa cibé.

Tá rudaí ag bogadh go gasta anois agus na rotha stiúrtha ag dul achan áit. Thig le dream ar bith an carr a chur den bhealach am ar bith anois.

Close
Close