An tAontas Eorpach: ar cheart fágáil nó fanacht?

Is é Déardaoin lá na cinniúna do bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach. De réir na bpobalbhreitheanna anseo, tá móramh phobal an tuaiscirt ar son fanachta. A mhalairt scéil atá ag teacht ó phobalbhreitheanna i Sasana, cé go bhfuil an bhearna á cúngú de réir a chéile.

Tá an díospóireacht anseo fréamhaithe i gceisteanna faoi chúrsaí eacnamaíochta, an teorainn, tionsclaíocht, inimirce, fóirdheontais Eorpacha agus saor-thaisteal. Tá an mhórchuid den phlé sa Bhreatain lárnaithe i gceisteanna faoin inimirce, caiteachas agus athshealbhú cumhachta.

Tá Sinn Féin, SLDP, UUP, Páirtí na Comhghuallaíochta, an Páirtí Glas agus Rialtas na hÉireann ag feachtasaíocht ar son fanachta san Aontas. Tá an DUP, TUV, Pobal Roimh Bhrábach (PBP), Éirígí agus Gluaiseacht an Phobail ar son imeachta.

Labhair muid leis na Comhaltaí Tionóil, Declan Kearney, Sinn Féin agus Patsy McGlone, SDLP, atá ar son fanachta agus Eoin Ó Murchú ó Ghluaiseacht an Phobail atá ar son imeachta.

Agallamh: Declan Kearney
Agallamh: Patsy Mc Glone
Agallamh- Eoin Ó Murchú

Cén difríocht a dhéanfaidh Breatimeacht?

Deir Sinn Féin agus SDLP go mbeidh drochthionchar ag Breatimeacht ar phróiseas na síochána, ar fhóirdheontais Eorpacha agus ar chúrsaí eacnamaíochta. A mhalairt atá fíor, a deir DUP agus UKIP, a mhaíonn go mbeidh lámh níos láidre ann ar bheartas intíre.

Cá mhéad a íocann Tuaisceart na hÉireann leis an AE agus cén t-aisíoc a dhéantar air?

Anuraidh, d’íoc an Ríocht Aontaithe £12.9 billiún leis an AE; chuir an tuaisceart timpeall £374m den tsuim sin ar fáil.

In 2015, d’íoc an tAE fordheontais feirmeoireachta, talmhaíochta agus tionsclaíochta ar fiú £320m iad ó thuaidh; mar aon le £10 breise d’earnálacha eile, agus £50m in airgead síochána agus i gcistí trasteorann. Cuireann an tAE airgead eile ar fáil don tuaisceart nach bhfuil luaite thuas.

Cad é faoin ghnó?

Tá mórchuid na ngnólachtaí móra ar son fanachta san Aontas Eorpach mar go bhfágann sé níos éasca acu a gcuid earraí agus airgid a sheachadadh. Tá sé ráite ag gnónna dúchásacha áirithe gur cheart imeacht áfach. Choiminisnigh an tIar-Aire Eacnamaíochta, Simon Hamilton ón DUP, tuairisc anuraidh ar thionchar Breatimeachta ar gheilleagar an tuaiscirt. Is féidir teacht air anseo.

Cad é faoin airgead síochána?

£1.5 billiún d’airgead síochána agus athmhuintearais atá infheistithe ag an Aontas Eorpach sna 12 contae is faide ó thuaidh sa tír faoi na cláracha Peace I, II, III, & IV ó bhí 1995 ann.

Tá clár Peace IV 2014 – 2020 ag glacadh le hiarratais i gcónaí. Dúirt urlabhraí leo go bhfuil siad ag leanúint lena gcuid oibre mar is gnáth agus nach mbeidh athrú air sin go ndeirtear a mhalairt leo. Tuairiscítear go mbeidh cúlú ar an chaiteachas seo i ndiaidh 2020.

Cad é faoin teorainn?

Tá réiteach ann idir an Bhreatain agus Éire ar a dtugtar An Comhlimistéar Taistil, nó ‘Common Travel Area’, ar socrú neamhfhoirméalta é a bunaíodh sular saolaíodh an tAontas Eorpach.

Deir saineolaithe dlí go mbeadh ar cheist an teorann dul faoi bhráid tíortha eile an Aontais dá nglacfaí le Breatimeacht.

Cad é faoin Chúirt Eorpach um Chearta an Duine?

Tá an chúirt seo neamhspleách ar an AE ach tá caint ann i measc na bpáirtithe náisiúnacha go mbeadh tionchar ag Breatimeacht ar an tslí ina scrúdaítear dúnmharaithe ón choimhlint.

Deir Niall Farrell ó Ghluaiseacht an Phobail nach fíor é seo: “Ní bheidh tionchar ag toradh an reifrinn ar dhaoine ar mhian leo cásanna cúirte a ghlacadh chuig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

In éineacht le beirt teaghlach eile, d’éirigh le Niall Farrell agus a chlann i gcás cúirte i gcoinne Rialtas na Breataine sa Chúirt Cearta Daonna i Strasbourg cheana. Dhúnmharaigh forsaí na Breataine a ngaolta; Mairéad Farrell, Dan McCann agus Seán Savage i nGibraltar i 1988.

Scríobh Niall Farrell leis an Belfast Telegraph agus Andersontown News ag cur i gcoinne na ráitis go mbeadh tionchar ag Breatimeacht orthu siúd atá ar lorg cirt dá ngaolta.

An ionann Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach?

Ní hionann iad. Tá an Ríocht Aontaithe cláraithe le Comhairle na hEorpa; eagraíocht atá éagsúil ón Aontas Eorpach. Tá 49 stát i gComhairle na hEorpa; 28 ceann acu atá mar chuid den Aontas.

Is iad Comhairle na hEorpa a bhunaigh agus a dhéanann riar ar an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Ardchúirt
Ardchúirt

Cad faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh?

Mar gheall go bhfuil an Bhreatain cláraithe le Comhairle na hEorpa agus gur chairt de chuid Chomhaire na hEorpa atá i gceist; ní bheadh tionchar ag Breatimeacht ar an chairt.

Ach rinne Coiste monatóireachta na Cairte diancháineadh ar Rialtas na Breataine agus ar an Fheidhmeannas ina dtuarascáil dheireanach siocair a leithchéal i leith na Gaeilge.

Bhí an coiste ar cuairt arís i rith an earraigh, beidh a gceathrú tuarascáil ar chur i bhfeidhm na cairte ó thuaidh á foilsiú sa gheidmhreadh.

Cad faoi mhaoiniú don Ghaeilge?

Tá cistí síochána dírithe ar shochaí síochánta a chothú trí athmhuintearas agus spásanna roinnte. Tá eagrais Ghaeilge i ndiaidh maoiniú caipitil agus tionscadail a fháil ón chlár síochána agus iad ag obair de réir thosaíochtaí an chláir shíochána; Cultúrlann Uí Chanáin, Féile an Phobail, agus Cumann Gaelach Leath Chathail ina measc.

Close
Close