9-N: Vóta comhairliúcháin na Catalóine

9-N: Vóta comhairliúcháin na Catalóine

Ciarán Ó Pronntaigh

Reifreann is ea reifreann, nach ea? Bhuel, ní go díreach.

Tá difear an domhain idir cás na hAlban agus cás na Catalóine maidir le reifreann neamhspleáchais.

Bhí an t-ádh ar lucht Pháirtí Náisiúnta na hAlban agus na mionpháirtithe eile a bhí ar lorg an vóta gur shíl David Cameron nach raibh seans práta i mbéal muice ag muintir ‘Bu Chòir’.

Tá a mhalairt fíor i gcás stát na Spáinne nó síleann siadsan gur scéal cinnte a bheadh ann go vótálfadh na Catalónaigh ar son an neamhspleáchais dá mbeadh faill acu. Agus sin an fáth a bhfuil siad sásta troid go láidir ina choinne.

Is é Artur Mas Uachtarán na Catalóine, tír a bhfuil leibhéal measartha ard féinrialach aici cheana féin, agus é ina cheannaire ar an pháirtí Convergència i Unió, páirtí a bheadh ar aon dul le Fianna Fáil dá mbeadh sé in Éirinn.

Níorbh é neamhspleáchas na Catalóine an gad ba ghiorra do scornach Mas den chuid is mó dá shaol polaitiúil ach le blianta beaga anuas is cosúil go bhfeiceann sé go bhfuil buntáiste éigin le breith leis.

Bhí spiorad an náisiúnachais riamh láidir sa Chatalóin ach cuireadh é faoi chois sa stát nua Spáinneach i Maidrid roinnt céadta bliain ó shin.

Ba í an Chaistílis teanga an stáit agus ní raibh áit ann do na teangacha réigiúnacha eile. Chuaigh rudaí chun géire le linn dheachtóireacht Franco.

Ach tá borradh nach beag faoin chultúr Chatalónach, dul chun cinn á dhéanamh ag an Chatalóinis mar theanga thromlaigh sa tír agus gan eagla a bheith ar dhaoine a gcuid náisiúnachais a léiriú go poiblí.

Cé gur cloíodh na Catalónaigh i Léigear Barcelona, 11 Meán Fómhair 1714, aithnítear an lá sin mar Festa Nacional de Catalunya, nó Féile Náisiúnta na Catalóine.

I mbliana, i gcomóradh trí chéad bliain den eachtra, bhí tuilleadh agus milliún duine ar na sráideanna, an chuid is mó acu ag léirsiú ar son an neamhspleáchais.

Léirsiú ar son cead vótála a bhí ann go bunúsach nó níl an ghluaiseacht i gcoinne an neamhspleáchais láidir ar dhóigh ar bith.

Agus sin an áit a bhfuil an fhadhb ag na Catalónaigh.

An chéad phlean a bhí ag Mas go mbeadh reifreann ann a mbeadh cumhacht dhlíthiúil leis ach chaith Mariano Rajoy agus Rialtas Mhaidrid an plean sin i dtraipisí nuair a thóg siad cás sa Chúirt Bhunreachtúil, rud a chuir fearg ar ghníomhaithe náisiúnacha ach nár chuir iontas dá laghad orthu.

Bhí Plean B ag Artur Mas, áfach. Ní bheidh aon chumhacht dhlíthiúil ag an ‘chomhairliú’ ar 9 Samhain anois ach threoródh an vóta an Chatalóin i dtreo an neamhspleáchais.

Ach ní bheidh cead ag státseirbhísigh páirt a ghlacadh i reáchtáil an vóta rud a chealódh an stádas oifigiúil a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid.

Thug Leas-phríomh-aire na Spáinne, Soraya Saenz de Santamaría, ‘calaois dhlíthiúil’ ar an phróiseas ar fad agus fiú an tseachtain seo d’aontaigh an Chúirt Bhunreachtúil le hiarratas eile ó Mhaidrid go gcuirfí an comhairliú ar ceal.

Tá sé cinntithe ag Mas ar maidin áfach go gcaithfear vótaí Dé Domhnaigh.

Casadh spéisiúil a tháinig ar an scéal le gairid go raibh An tArdeaspag Desmond Tutu i mbun feachtas idirnáisiúnta a mhaíonn gur chóir an ceart vótála a thabhairt do na Catalónaigh.

Is cinnte go bhfuil Catalónaigh ag dúil le céim i dtreo an neamhspleáchais a ghlacadh ag an deireadh seachtaine ach ceann de na rudaí atá ag déanamh tinnis dá lán gníomhaithe (nach baill pháirtí Mas iad uile) nach bhfuil sé soiléir go bhfuil straitéis ag Mas, nó níos measa arís, an dúthracht ann, a chuirfidh neamhspleáchas ar fáil.

In agallamh leis an iris An tUltach chuir Ariadna Jou, urlabhraí de chuid na gluaiseachta óige ar son neamhspleáchais, Joventuts d’Esquerra Republicana, in iúl nach raibh gach duine ar an eolas faoi phlean Artur Mas agus go raibh éiginnteacht ann faoi 9 Samhain.

Beidh brú ar Mas cinnte a dhéanamh de go mbeidh an doras ar oscailt don neamhspleáchas.

Mhair deachtóireacht Franco ó 1938 go dtí 1975 agus d’fhág sin smál ar an phobal. Daoine a bhfuil cuimhne acu ar an deachtóireacht agus a d’fhulaing faoina réimeas, níl an díograis chéanna acu chun gnímh.

Níl an srian céanna ar dhaoine óga, áfach, agus is iadsan atá i dtús cadhnaíochta san fheachtas ar son na Catalóine. Beidh obair ar Mas na daoine sin a choinneáil ar bord mura dtaitníonn a chuid pleananna leo.

Close
Close