Uachtarán nua ar Oireachtas Gaeilge Cheanada

Insealbhaíodh an scríbhneoir agus drámadóir ildánach Brian Ó Baoill mar Uachtarán ar Oireachtas Gaeilge Cheanada ag ócáid speisalta i gCill Airne ag an deireadh seachtaine.

Tá Oireachtas Gaeilge Cheanada á reáchtáil i nGaeltacht an Oileáin Úir i gCeanada le sé bliana anuas agus fás ag teacht uirthi bliain i ndiaidh bliana…

Uachtarán nua Oireachtas Cheanada insealbhaithe

Chaith Brian trí bliana dá shaol ag obair i gCeanada. Bhí sé ina bhall den Chumann Gaelach thall agus theagasc sé ranganna Gaeilge nuair a bhí sé ina chónaí ann.

Tá ceangal coinnithe aige le Ceanada agus le Gaeil Cheanada ó shin agus tá sé ina chrann taca d’Oireachtas Gaeilge Cheanada ó cuireadh tús leis.

Is iomaí duais litríochta atá buaite ag Brian ag Oireachtas Cheanada agus Oireachtas na Samhna in Éirinn.

Rugadh é sa bhliain 1929 i gCo. Ros Comáin agus chaith sé seal ag obair i Londain sular bhog sé go Ceanada.

Tá go leor saothar foilsithe aige, idir ábhar filíochta, drámaíochta agus úrscéalta do pháistí agus daoine fásta. Tá dhá leabhar scríofa aige le hOisín Ó hEartáin, a gharmhac.

Tar éis pilleadh go hÉirinn bhí Brian ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael Linn, Údarás na Gaeltachta agus TG4.

Bhí sé páirteach fosta i bhfeachtas Chonradh na Gaeilge in aghaidh easpa chláracha Gaeilge ar RTÉ agus cuireadh i bpríosún é sa bhliain 1985 siocair nach raibh sé sásta ceadúnas teilifíse a cheannacht.

Close
Close