'The Fenian Empire' seolta ag Pádraig Fhia Ó Mathúna

Seoladh ‘The Fenian Empire’ le Pádraig Fhia Ó Mathúna i nGael-Ionad Mhic Goill, Béal Feirste, Dé Céadaoin seo caite mar chuid de chlár Fhéile na Carraige 2026.

Pléann an leabhar le stair na bhFíníneach i Meiriceá Thuaidh sa tréimhse i ndiaidh chogadh cathartha na Stát Aontaithe, agus leis na comhghuaillíochtaí éagsúla a ndeachaigh siad iontu agus iad ag iarraidh cúis shaoirse na hÉireann a chur chun cinn.

Bhí Pádraig i gcomhrá leis an Dr Brian Kelly ar an lá agus é ag insint roinnt scéalta ón leabhar, amhail scéal na bhFíníneach Dubh, an nasc a bhí idir gluaiseacht na bhFíníneach agus na poblachtanaigh sa Chogadh Deich mBliana i gCúba, agus an bhaint a bhí ag roinnt ball den ghluaiseacht le cur faoi chois na nDúchasach Meiriceánach.

Close
Close