'Ón Taobh Istigh' seolta ag Jake Mac Siacais


Seoladh dírbheathaisnéis an Ghaeilgeora agus an Phoblachtánaigh Jake Mac Siacais ag Club Leabhar Choiscéim Feirste mar chuid de Fhleadh Feirste roimh an Nollaig.

Sheol an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir an leabhar ina ndéanann Mac Siacais cur síos ar na tréimshí ar chaith sé i bpríosún le linn na dTrioblóidí in éineacht le scéalta óna óige agus na deacrachtaí pearsanta a bhí aige chomh maith - rud a chuireann béim ar dhébhrí an teidil, 'Ón Taobh Istigh.'

Mhínigh Mac Siacais dúinn gur chuir se tús lena scéal pearsanta féin a scríobh nuair a tháinig an dúlagar air sa bhliain 2015 agus gur chaith sé deich mí i mbun pinn. Ba léir go raibh scéal an-chumhachtach ar fad scríofa aige agus chinn sé ar é a chur in eagar mar leabhar go luath ina dhiaidh sin. 

Bhí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich lán go doras chun an chéad leabhar seo le Jake a sheoladh agus idir chlann agus chairde an scríbhneora i láthair. Tá ról lárnach ag Jake ó thaobh cúrsaí Gaeilge de i mBéal Feirste agus é ag obair le Forbairt Feirste le blianta anuas - bhí sé soiléir ón scaifte a bhailigh le chéile i nDánlann Dillon gur fear é Jake a bhfuil an-mheas ag Gaeil Bhéal Feirste air.

Tá 'Ón Taobh Istigh' le Jake Mac Siacais ar fáil in An Ceathrú Póilí.

Close
Close