Póilín Nic Géidigh ar aipeanna, na meáin shóisialta agus #SeoÍanGhaeltacht

Is iriseoir agus dearthóir grafaicí í Póilín Nic Géidigh as Gort a' Choirce in Iarthar Dhún na nGall. Thosaigh sí ag dearadh gifeanna i nGaeilge do na meáin shóisialta breis agus bliain ó shin agus tá neart cruthaithe aici ó shin. Rinne sí an dearadh le haghaidh hataí agus málaí d'fheachtas Ghlór na nGael #SeoíanGhaeltacht.

Bhuail Meon Eile isteach chuici ina baile féin le labhairt faoina cuid oibre agus le fáil amach cad atá ar na bacáin aici amach anseo.

Close
Close