Lá Domhanda na hÉigse: Seán Ó Farraigh

Lá Domhanda na hÉigse atá ann inniu agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an lá speisialta san fhéilire, labhair Meon Eile le file as Ard Mhacha, Seán Ó Farraigh.

Bíonn téamaí difriúla in úsáid ag Seán agus é i mbun pinn. Toisc gur múinteoir Gaelscoile é bíonn sé ag díriú isteach ar ábhair oideachasúla ar nós an Dara Cogadh Domhanda agus Éirí Amach na Cásca. Ar a bharr sin, scríobhann sé faoi neart téamaí eile amhail an grá agus faoi fhadhbanna a bhíonn faoi chaibidil ar an nuacht cosúil le streachailt na dteifeach.

Deir Seán gur rud iontach é go bhfuil an oiread sin ábhar a thiocfadh leat a phlé san fhilíocht agus mar sin nach mbíonn tú srianta. Tugann seo níos mó deiseanna duit a bheith cruthaitheach ar ndóigh.

Seo thíos an dán atá le cloisteáil san fhíseán dar teideal ‘Cuir síos é’ le Seán Ó Farraigh:

Is iontach an gléas é,

thig leat moll mór a dhéanamh leis beag beann ar an suíomh.

bíodh sé sin sa bhaile, ar obair nó fiú ar an drabhlás,

ná bí buartha, bíonn sé i dtólamh ag do thaobh!


Tráth dá raibh, áfach,

ní raibh ceann ag gach neach.

Leis an oiread sin dordáin a chluintear anois,

shílfeá nach mbeadh i do chuideachta ach an dúrud beach!


Athraíodh an saol go deo,

nuair a tháinig na meáin shóisialta chun an tsaoil.

Muna n-úsáideann tú mar is ceart iad,

thiocfadh leat bheith i mbaol!


Meiltear an t-uafás ama

ar aip de chinéal inteacht chuile lá.

Tá an iliomad acu ann chun tú a shásamh,

Fiú má tá tú a dhul sa tóir ar ghrá!


Ag dul in olcas atá sé,

‘s an diabhal ruda i gcónaí i do ghlac.

Ag scrolláil fríd Facebook nó Instagram,

is í an fhadhb ná nach gcluineann tú faic!


Níl ionat ach sclábhaí scáileáin,

á úsáid san oíche is le linn an lae.

A  chara, níl sé de dhíobháil ort de shíor,

in ainm Dé, cuir síos é!

Close
Close