Féile Ghaeltacht Thír Eoghain 2025

Is i gCabhán an Chaorthainn, sráidbhaile i gContae Thír Eoghain, atá Institiúid Ceannasaíochta na hÉireann lonnaithe agus is é a bhí beo le ceol, craic agus comhluadar ar na mallaibh agus an 14ú bliain d’Féile Ghaeltacht Thír Eoghain á ceiliúradh acu.

Cúrsa Gaeilge trí lá atá san Fhéile a thugann deis do Ghaeilgeoirí de gach leibhéal cumais an teanga a chleachtadh agus nasc a dhéanamh le cainteoirí eile. 

Thug Meon Eile cuairt ar an lá deiridh den chúrsa nuair a bhí bronnadh na dteastas ar siúl. Is tábhachtach an t-aitheantas é seo do na foghlaimeoirí agus iad i ndiaidh a muinín sa teanga a fhorbairt, de réir Aoife Ní Luachráin, atá ag teagasc ag an fhéile le fada anois. 

Bhí aghaidh inaitheanta fosta i measc na bhfoghlaimeoirí a fuair teastas ar an lá agus an t-aisteoir mór le rá Kevin McAleer ann - nó ‘Uncle Colm’, mar is fearr aithne air ón tsraith chlúiteach Derry Girls.

Bhog Kevin chuig an ardrang le linn an chúrsa agus dúirt sé gur bhain sé an-taitneamh as bheith ag foghlaim i measc na ndaoine áitiúla agus gur thug an obair atá déanta aige, Derry Girls san áireamh, ábhar maith comhrá dó.

Tá Comhairle Ceantair Lár Uladh ar na príomh-mhaoinitheoirí atá ag Féile Ghaeltacht Thír Eoghain agus labhair muid leis an Chomhairleoir Deirdre Varsani, a dúirt go bhfuil an fhéile seo thar a bheith fiúntach, go háirithe don phobal áitiúil i dTír Eoghain.

Close
Close