Gig Jack Warnock i gColáiste Mhig Aoidh, Doire

Tugadh cuireadh do Jack Warnock, giotáraí agus pianódóir as Machaire Rátha, teacht agus seinm do mhic léinn an cheoil ar Champas Mhic Aoidh de chuid Ollscoil Uladh ar na mallaibh.

Bhí lúcháir ar léachtóirí ceoil fáilte a chur roimh iardhalta dá gcuid agus é chomh haitheanta agus rathúil anois. Bhí Jack iontach sásta a bheith ar ais sa seomra taibhithe, áit ar chaith sé neart ama agus é ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge agus an Cheol ar an ollscoil chéanna.

Cuireadh an t-imeacht seo ar siúl mar chuid den tsraith ceolchoirmeacha tráthnóna ‘Music@one’ a bhíonn a reáchtáil ag Ollscoil Uladh. Is tionscadal é Music@one a thugann ardán do chuid de na ceoltóirí is fearr timpeall na tíre agus níos faide i gcéin. Bíonn na himeachtaí dírithe ar mhic léinn an cheoil go háirithe, chun spreagadh a thabhairt dóibh agus iad ag smaoineamh faoina dtodhcaí san earnáil agus ar na deiseanna a bheas ann dóibh.

D’fhreastail Meon Eile ar an chéad imeacht den dara seimeastar i mbliana agus tráthnóna álainn a bhí ann. Ba léir go raibh na mic léinn faoi dhraíocht ag Jack agus na giotáir éagsúla á láimsheáil aige gan stró, agus é ag canadh fosta. Is féidir Music@one a leanúint anseo agus is féidir coinneáilt suas le Jack agus a chuid ceol anseo. 

Close
Close