Glórthaí Uladh ar an ardán ag Féile Loinneog Lúnasa

Glórthaí Uladh ar an ardán ag Féile Loinneog Lúnasa

Bhí an ócáid speisialta ‘Glórthaí Uladh’ ar siúl in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, mar chuid d’Fhéile Loinneog Lúsnasa i mbliana.

Thug an ceoltóir agus an t-amhranaí sean-nóis iomráiteach, Doimnic Mac Giolla Bhríde, le chéile trí chór ina bhfuil sé ina stiúrthóir orthu ar aon ardán amháin: Cór Thaobh a’ Leithid (Gaoth Dobhair), Cór Uí Chanáin (Doire) agus Cór Loch Lao (Béal Feirste).

Ar an oíche, chan an cór mór rogha d’amhráin fhonnmhara Chúige Uladh le tionlacan ar fhidil, ar fheadóg mhór agus ar bhocsa ceoil.

Bhí scaifte breá i láthair agus bhí sé le feiceáil gur bhain siad sult millteanach as an cheol bhinn shiansach.

Glórthaí Uladh ar an ardán ag Féile Loinneog Lúnasa

Tá Doimnic i mbun stiúrthóireachta ar Chór Ghaoth Dobhair agus ar Chór Bhéal Feirste le tuairim agus ocht mbliana anuas, chomh maith le bheith ag diriú ar a shaothar féin mar cheoltóir agus mar amhránaí sean-nóis.

Cuireadh tús le Cór Uí Chanáin cúpla mí ó shin agus iad ag dul ó neart go neart.

Tá an ceol go smior i nDoimnic agus foinn agus ceol cumtha go nádúrtha aige i measc a shaothair féin agus leis na cóir.

Sheol Doimnic a chúigiú dlúthdhiosca, ‘Sona do Cheird’, anuraidh.

Close
Close