Fleadh Cheoil na hÉireann 2022

Bhí Fleadh Cheoil na hÉireann 2022 ar siúl ar an Mhuileann gCearr an tseachtain seo caite don chéad uair ó bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1951.

Tháinig daoine ina sluaite ó fud fad na tíre agus níos faide i gcéin ar mhaithe leis an cheol, craic agus comhluadar, agus labhair Meon Eile le roinnt Ultach a thaistil ann don tseachtain.

Bhain Clíona Ní Ghallachóir as Gaoth Dobhair Comórtas na mBán don Amhránaíocht ar an Sean-nós. Is í Clíona an chéad Chonallach leis an chomórtas a bhaint ó bhain Máire Ní Choilm sa bhliain 2005.

Tháinig Dearbhla agus Fionn Marron, deirfiúr agus deartháir as Contae Mhuineacháin, sa tríú háit sa chomórtas 'Ceol Beirte'. 

Tháinig Róise Ní Mhurchú as Doire sa dara háit sa chomórtas 'Poirtaireacht Béil' agus bhí sí lán sásta a bheith ar ais ag an Fhleadh.

Bhí áthas ar a hathair Marcas Ó Murchú a bheith ar ais ag an Fhleadh lena teaghlach agus dar leis gur áit bhreá a bhí sa Mhuileann gCearr don tseachtain stairiúil seo.

Close
Close